Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Ealaín an Champais

Ealaín an Champais - Turas Idirghníomhach ar d'fhón cliste

Na Bailiúcháin Nua-Ealaíne

An turas a íoslódáil - pdf, 362kb

Treoir: Féadfaidh daoine a úsáideann fón cliste aip saor in aisce a íoslódáil - 'QR tag reader' - chun cóid na mbailica scanadh. Níl le déanamh ach an aip QR a íoslódáil agus a oscailt.  Osclóidh sé sin an ceamara ar an bhfón cliste. Coinnigh an ceamara os cionn na clibe dubh agus bán agus treorófar d'fhón chuig an leathanach ábhartha ar láithreán gréasáin Bhailiúcháin Ealaíne Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, áit ar féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin ealaíontóir agus faoin saothar.  Bain sult as!

Is féidir teacht ar na leathanaigh ghréasáin go díreach ón liosta seo thíos chomh maith.

Buaicphointí ó bhailiúcháin Ealaíne Nua-aimseartha agus Comhaimseartha ar campas

Eileen Gray 'Castellar' (deartha 1926, fite 1975) olann, ruga de chaitín fada, olann lámhfhite agus snaidhmthe ag The Donegal Carpet Company, Éire – bealach isteach go dtí Leabharlann Lecky, Áras na nEalaíon

Alexander Calder ‘Cactus Provisore’ (1967) cruach tháite - Cearnóg na  gComhaltaí.

Henry Moore ‘Foirmeacha Ceangailte ar Leasluí' (1969) cré-umha - Cearnóg na Leabharlainne.

Arnaldo Pomodoro ‘Sfera con Sfera’ (1982-83) cré-umha - réamhchúirt Leabharlann Berkeley.

Patrick Scott 'Berkeley' (1967) taipéis V'soske - an halla isteach go dtí Leabharlann Berkeley.

Eilís O’Connell RHA 'Úlla agus Adaimh' (2013) cruach dhosmálta - Áras FitzGerald, Scoil na Fisice.

Chac Mool by Sebastián (2002), cruach bhog spréphéinteáilte.

Bainte le déanaí:

Michael Warren 'Frithghluaiseacht' (1985) castán - An Roschoill, idir na Páirceanna lmeartha.

Margaret Corcoran 'Filleadh ar Cythera' (2014) ola ar chanbhás – Áras na nEalaíon, slí dála.

Robert Ballagh 'Triúr in éineacht le Jackson Pollock' (1973) aicrileach ar chanbhás.

Anne Madden 'Sixpartite Big Red Mountain Series', 1967.