Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Baile

Baile

An Bailiúchán Ealaíne

Tá traidisiún 300 bliain ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath maidir le saothar ealaíne a choimisiúnú agus a bhailiú. Is le 1710 a bhaineann an taifead ar phictiúir is sine dar fios dúinn sa Choláiste, agus is le 1601 a bhaineann an saothar is túisce. Tá na bailiúcháin sin níos sine ná  cinn Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, a bunaíodh i 1731, agus b’ann dóibh sular bunaíodh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann le hAcht Parlaiminte in 1854 agus a osclaíodh in 1864. Pictiúir, priontaí, dealbhóireacht agus dealbha atá sna bailiúcháin, go príomha, agus tá béim mhór stairiúil ar phortráidíocht.

George Dawson, ollamh le Géineolaíocht, a chuir tús leis an mbailiúchán nua-aimseartha  i 1959 nuair a thug sé féin agus grúpa mac léinn an scéim fruilithe ‘Gailearaí an Choláiste’ isteach. Chuathas i mbun saothar ealaíne bunaidh ó Éirinn agus ó thíortha eile, chomh maith le priontaí agus póstaeir bunaidh ealaíontóirí a fháil go gníomhach le taispeáint i seomraí mac léinn agus foirne ar an gcampas le suim sa nua-ealaíon agus san ealaíon chomhaimseartha, agus le tuiscint chriticiúil orthu a spreagadh. Mhúscail an scéim sin an oiread sin suime ar fud an Choláiste agus lasmuigh de, gurb é ba chúis le cur chun cinn, tacaíocht agus rannpháirtíocht chomhfhiosach sna físealaíona i gColáiste na Tríonóide trí shaothair a fháil, a choimisiúnú agus a thaispeáint, trí chumainn na mac léinn, trí roinn teagasc ghaolmhar a bhunú, agus trí nuachóiriú aeistéiticiúil a chur ar thimpeallacht an champais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach anseo le do thoil:

George Dawson:An Unbiased Eye. Modern and Contemporary Art at Trinity College Dublin since 1959, eagarthóir Catherine Giltrap (Baile Átha Cliath: Eagráin Bhainteacha, 2010) Ar fáil i Siopa Leabharlainne Choláiste na Tríonóide, Hodges Figgis, agus i siopa leabhar an IMMA, i measc siopaí eile. Ar fáil ar líne ó na foilsitheoirí freisin: Associated Editions

Paintings and Sculptures in Trinity College Dublin le Anne Crookshank agus David Webb (Baile Átha Cliath: Preas Choláiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath, 1990) As cló faoi láthair ach ar fáil i leabharlanna

The Modern Art Collection Trinity College Dublin, curtha i dtoll a chéile ag David Scott (Baile Átha Cliath: Preas Choláiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath, 1989) Ar fáil i Siopa Leabharlainne Choláiste na Tríonóide agus i leabharlanna