Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Tá Roinn na hEacnamaíochta ar cheann de ceithre roinn i Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta.

Cuireann an Roinn deiseanna go leor ar fáil do mhic léinn chun céim a bhaint amach i raon ábhar. Déantar teagasc fochéime tríd an gclár BESS (Gnó, Eacnamaíocht agus Staidéir Shóisialta), an clár PPES (Fealsúnacht, Eolaíocht Pholaitiúil, Eacnamaíocht agus Socheolaíocht) agus an clár TSM (Modhnóireacht Dhá Ábhar). Tá cláir mhalairte le raon ollscoileanna idirnáisiúnta ag an roinn.

Tugann an roinn deiseanna spéisiúla iarchéime freisin do mhic léinn trí an MSc san Eacnamaíocht agus clár dochtúireachta.

Tá sár-obair thaighde déanta ag an roinn agus cuirtear béim faoi leith ar an eacnamaíocht fheidhmeach. Tá maicreacnamaíocht idirnáisiúnta agus réimsí éagsúla sa mhaicreacnamaíocht fheidhmeach i measc bhuanna taighde na roinne. .