Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Fáilte go Luibheolaíocht TCD

Tá staidéar ar phlandaí thar a bheith tábhachtach; is foinse iad den bhia a ithimid, den ocsaigin a análaímid, d'fhormhór na leigheasanna a úsáidimid agus is cuid lárnach iad den tuiscint atá againn ar phróisis an athraithe aeráide domhanda. Ceann de na dúshláin is mó a bheidh romhainn san aois seo ná aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ón athrú aeráide domhanda.  Beidh ar ionramháil an duine ar phlandaí amach anseo bia agus fuinneamh a sholáthar do dhaonra daoine a bhíonn ag méadú i gcónaí, fad a chaomhnófar bithéagsúlacht na  n-orgánach beo agus sláine na ngnáthóg. Na saincheisteanna sin a fhiosrú an phríomhaidhm atá ag Roinn na Luibheolaíochta.

Tá Roinn na Luibheolaíochta ar cheann de na ceithre dhisciplín a chuimsíonn Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Anseo gheobhaidh tú eolas ar bhaill foirne, ar iarchéimithe, ar chúrsaí fochéime, ar thaighde agus ar ghníomhaíochtaí eile sa roinn.

Is roinn taighde an-bheag (9 mball foirne acadúla) ach an-ghníomhach sinn. Rinneamar maoirseacht ar 46 mac léinn taighde iarchéime in 2009. Chomh maith leis sin, chuir deichniúr comhalta taighde go mór lenár gclár taighde a dtacaíonn roinnt teicneoirí oilte leis freisin. 1.7 milliún Euro an meánioncam taighde bliantúil sa Roinn ó 2000.
Bíonn ár dtaighde mar fhaisnéis ag ár dteagasc agus reáchtálaimid dhá chlár fochéime tríd an Roinn as a leanann céimeanna sna hEolaíochtaí Plandaí agus sna hEolaíochtaí Comhshaoil. Cuirimid freisin leis na cláir fochéime agus máistreachta eile arna reáchtáil trí Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha.

Tá súil againn go dtabharfaidh ár láithreán gréasáin eolas cruinn agus cothrom le dáta ar ár gcuid gníomhaíochtaí duit. Má bhíonn tuilleadh eolais uait, áfach, déan teagmháil linn go díreach, le do thoil. Beidh fáilte romhat cuairt a thabhairt ar an gcampas má bhíonn tú i mBaile Átha Cliath freisin, táimid an-bhródúil as ár gcampas i lár na cathrach.

Prof Jennifer McElwain
Ceann na Luibheolaíochta