Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta

Cuireann Scoil na hOibre Sóisialta agus an Pholasaí Shóisialta oiliúint agus oideachas gairmiúil ar fáil in obair shóisialta chomh maith le cúrsaí i seirbhísí daonna níos leithne (staidéar andúile, leas agus cosaint leanaí) ag leibhéal céime agus iarchéime i gcoitinne agus i ngnéithe speisialtóireachta de pholasaí sóisialta, oiliúint iarchéime i dtaighde feidhmeach sóisialta chomh maith le réimse deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn iarchéime taighde.

Ó thaobh taighde agus múineadh de, féachann an Scoil cur leis an eolas faoin tslí le freagairt níos éifeachtaí do cheisteanna sóisialta an lae. De bharr réimse disciplíní agus láidreachtaí na Scoile bíonn deiseanna breátha ann d’obair i gcomhar agus deis ‘smaointeoireacht i gcomhar’ ar shaincheisteanna casta agus iltoiseacha. Tugann an Scoil faoi thaighde feidhmeach i réimsí ar nós andúil, dul in aois, leas leanaí, inimirce, míchumas intleachta agus slándáil shóisialta. Déanann sí comhurraíocht ar Ionad Taighde na Leanaí - i gcomhar le Scoil na Síceolaíochta. Reáchtálann sí an Institiúid Náisiúnta um Mhíchumas Intleachta agus an tIonad Taighde ar Dhul in Aois agus ar Pholasaí Sóisialta. Tá an Scoil freisin ar cheann de thrí Scoil sa Ollscoil a bhunaigh Tionscnamh Inimirce Choláiste na Tríonóide.