Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Oifig na Mac Léinn Aibí

Féachann Oifig na Mac Léinn Aibí, atá mar chuid de TAP, tacú le mic léinn aibí a bheith páirteach i saol an choláiste agus spreagann iad sin a dhéanamh. Cuireann Oifigeach na Mac Léinn Aibí, Clodagh Byrne, comhairle agus tacaíocht ar fáil d'fhochéimithe aibí ionchasacha agus reatha.

Bíonn Oifigeach na Mac Léinn Aibí i mbun idirchaidreamh seachtrach le Boird Oideachais agus Oiliúna i mBaile Átha Cliath, i réigiúin na Teorann, Láir-Tíre agus an Iarthair chun Coláiste na Tríonóide a chur chun cinn, chun na deiseanna atá ar fáil d'fhoghlaimeoirí aibí a leagan amach agus chun cuidiú leis an bpróiseas iarratais. Bíonn tacaíocht Duine ar Dhuine ar fáil freisin d'iarratasóirí. Reáchtáiltear imeacht Discover Trinity gach Samhain agus eagraítear tráthnóna eolais do mhic léinn aibí gach Eanáir.

Áirítear ar an tacaíocht a thugann Oifig na Mac Léinn Aibí do mhic léinn aibí cláraithe/atá ag teacht isteach:

  • Maidin eolais airgeadais i mí Iúil
  • Clár Fáiltithe ceithre lá i dtús Mheán Fómhair
  • Ionad acmhainne do mhic léinn aibí le dul ag staidéar ina n-aonar nó i ngrúpaí
  • Comhairle agus tacaíocht duine ar dhuine
  • Gníomhaíochtaí sóisialta i gcomhar le Cumann na Mac Léinn Aibí agus Cumann na Mac Léinn ar Tuismitheoirí iad