Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Seirbhísí & Saoráidí

Cead Isteach chuig an Leabharlann

Scaoiltear gach comhalta den Ollscoil (idir mhic léinn agus bhaill foirne) isteach i seomraí léitheoireachta Leabharlann Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ach cárta aitheantais Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a thaispeáint.

Scaoilfear léitheoirí ar cuairt isteach chun leas a bhaint as bailiúcháin na Leabharlainne (gan cearta iasachta) le staidéar agus taighde a dhéanamh, ar an gcoinníoll go mbaineann siad le ceann de roinnt catagóirí sonracha nó más féidir leo a chruthú gurb í an Leabharlann an "rogha dheireanach" maidir leis an ábhar atá uathu.

Féadfaidh céimithe de chuid Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath iarratas a dhéanamh ar Chárta Léitheora Iarchéime tar éis an Dáta Tosaithe.

  • Is féidir le Léitheoirí Iarchéime bailiúchán fairsing ríomhrisí agus bunachar sonraí a thapú le ríomhairí sonracha taobh istigh den Leabharlann
  • Ní cheadaítear do chéimithe ríomhirisí, bunachair sonraí etc. a thapú ar láthair taobh amuigh den Leabharlann de réir na gcomhaonuithe ceadúnais idir foilsitheoirí/soláthraithe
  • Más gá athnuachan a dhéanamh ar do Chárta Léitheora Iarchéime, luaitear sin le Cuntar Iontrála na Leabharlainne go díreach.

 

Maidir le baill foirne agus iarchéimithe ó Bhallinstitiúidí ALCID, tugann cárta ALCID (Leabharlanna Acadúla i gComhar in Éirinn) cead isteach ar bhailiúcháin na leabharlann rannpháirteach, gan cearta iasachta, agus faoi réir a gcuid rialacha agus rialachán. Ba chóir do chomhaltaí na n-institiúidí bailí iarratas a dhéanamh ina leabharlann féin ar chárta ALCID, chun cuairt a thabhairt ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Ba chóir do bhaill foirne agus d’iarchéimithe ó ollscoileanna eile iarratas i bpearsa a dhéanamh leis an gCuntar Iontrála le linn a uaireanta oscailte, agus na nithe seo a leanas acu:
  • Litir aitheantais ón gCeann Roinne nó ón Maoirseoir Taighde   
  • Cárta aitheantais óna n-ollscoil féin  

Ní gnách go scaoiltear mic léinn fochéime ó ollscoileanna eile isteach sa Leabharlann ach amháin sa chás nach mbíonn ní faoi leith ar fáil ach i Leabharlann Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.

Déan iarratas anseo ar Léitheoirí Cuairte
  • Bíonn timpeall is seachtain i gceist leis an gcárta a phróiseáil agus seoltar teachtaireacht ríomhphoist nuair a bhíonn an cárta ullamh le bailiú ón gCuntar Iontrála
  • Is féidir Iarratais Chruacha Uathoibríocha a shocrú leis an gcárta seo
  • Ní cheadaítear iasachtaí

Iasacht sa Leabharlann

Braitheann cibé an féidir le léitheoirí ábhar a fháil ar iasacht, agus an tréimhse iasachta, ar a stádas san Ollscoil agus ar an gcineál ábhair atá i gceist. Mar shampla, níl cead ag léitheoir ar bith eisiúintí irise a fháil ar iasacht ón Leabharlann. Caitear nithe a thabhairt ar ais chuig an gCuntar Seirbhíse óna n-eisítear iad.

Féadfaidh Fochéimithe agus Mic Léinn Ard-Dioplóma an méid seo a leanas a fháil ar iasacht:

  • Ceithre ní ón mBailiúchán Iasachta Fochéimithe  
  • Ceithre ní leis an réamhtheideal P-MUS LEN (Ceol Clóite)
  • Ceithre ní ón mBailiúchán (Gearriasachta) Áirithinte Cuntair (nithe atá ar an leabharliosta agus a mbíonn an-tóir orthu)
Féadfaidh siad an t-ábhar eile ar fad a léamh ach gan é a fháil ar iasacht.

Féadfaidh léitheoirí ar Mic Léinn Iarchéime Ardchéime iad an méid seo a leanas a fháil ar iasacht:

  • Deich ní ar fad, ó na Bailiúcháin Rochtain Oscailte nó Rochtain Srianta (seachas Tagairt) de ghnáth.
  • De ghnáth bíonn tréimhse ceithre seachtaine ag nithe ó na bailiúcháin sin d'iarchéimithe agus is féidir iad a athnuachan uair amháin in imthosca áirithe. Comhairtear leabhair Iasachta Idir-Leabharlainne a fhaightear ar iasacht mar chuid den soláthar deich ní sin.
  • Ceithre ní ón mBailiúchán Iasachta Fochéimithe mar chuid den deich leabhar, má tá gach cóip Rochtain Oscailte nó Rochtain Srianta amuigh ar iasacht. Beidh tréimhse iasachta seachtaine nó ceithre seachtaine ag na nithe sin  
  • Ceithre ní leis an réamhtheideal P-MUS LEN (Ceol Clóite)
  • Ceithre ní ón mBailiúchán (Gearriasachta) Áirithinte Cuntair  

Féadfaidh Baill Foirne iasachtaí a fháil tar éis dóibh an Banna Leabharlainne a shíniú:

  • 20 ní ar fad, ó na Bailiúcháin Rochtain Oscailte nó Rochtain Srianta (seachas Tagairt). Tugtar na leabhair sin ar iasacht ar feadh 12 seachtain, ach féadfaidh foireann na Leabharlainne iad a aisghairm.
  • Comhairtear leabhair Iasachta Idir-Leabharlainne a fhaightear ar iasacht mar chuid den soláthar 20 ní sin.
  • Ceithre ní leis an réamhtheideal P-MUS LEN (Ceol Clóite)
  • Ceithre ní ón mBailiúchán (Gearriasachta) Áirithinte Cuntair   

Is éard atá sa Bhanna Leabharlainne slánaíocht go n-íocfar €650 sa chás go ndéanfar damáiste do na leabhair nó nach dtugtar ar ais iad. íoctar an t-airgead sin roimh ré.
Faightear foirmeacha bannaí ag Oifig na Foirne nó ag an gCuntar Iontrála i rith a uaireanta oscailte, agus ní mór iad a chomhlánú agus a thabhairt isteach ag an gCuntar Iontrála.

Iarratais Chruacha

Ciallaíonn méid agus raon Leabharlann Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath nach bhfuil ach cion bheag dá stoc ar na seilfeanna oscailte le gur féidir iad a bhrabhsáil. Tá an chuid is mó den bhailiúchán i Rochtain Srianta, á coimeád i stóras ar champas nó i dTaisclann Leabhar Sheantraibh gar d’Aerfort Bhaile Átha Cliath. Mura luaitear a mhalairt go sonrach, is féidir ábhar ó láithreacha Cruacha a sheachadadh chuig Cuntair Seirbhíse Leabharlann Berkeley, Roinn na Seanleabhar Clóite, Leabharlann Hamilton nó Leabharlann Leighis John Stearne tríd an nós imeachta Iarratais ar Chruacha Uathoibrithe (ASR) catalóige ar líne a úsáid agus an láthair chuí a roghnú i rith an phróisis. Braitheann cibé an féidir an t-ábhar a fháil ar iasacht ar an gcatagóir léitheora atá á iarraidh agus ar an gcatagóir ábhair. Mar shampla, níl cead ag aon duine ábhar a fháil ar iasacht ó na Cruacha Seanleabhair Chlóite nó Lámhscríbhinní agus Cartlanna.

Seirbhís an Leabharlannaí ar Dualgas

Is seirbhís deisce tagartha nó fiosrúcháin arna hoibriú ag foireann leabharlannaithe é seo. Ar na príomhfheidhmeanna tá cúnamh agus treoir tagartha a thabhairt maidir le hacmhainní faisnéise a úsáid (catalóga, bunachair sonraí agus irisí leictreonacha), chomh maith le faisnéis ar sheirbhísí a chuireann an Leabharlann ar fáil (cúnamh maidir le taifid úsáideora, atreorú chuig foireann speisialtóra), agus cúnamh maidir le hábhar a aimsiú istigh sa Leabharlann agus lasmuigh di (leabharlanna eile a úsáid, Iasachtaí Idir-Leabharlainne)

An Cuntar Seirbhíse

Ag an gcuntar seirbhíse, féadfaidh mic léinn agus baill foirne leabhair a thógáil amach agus a thabhairt ar ais, agus féadfaidh siad leabhair a d’iarr siad ó na láithreacha Cruacha a bhailiú.

Seomraí Staidéir Grúpa

Tá seomraí staidéir grúpa ar fáil i rith uaireanta oscailte na Leabharlann do mhic léinn atá cláraithe, do ghrúpaí de bheirt nó níos mó ar mian leo a bheith ag obair le chéile ar thionscadal agus ar thascanna.

Láthair na nAcmhainní Ilmheán  

Sa láthair seo a choimeádtar cuid mhór de bhailiúcháin na Leabharlainne de na nithe seo a leanas:

  • CDanna  
  • DVDanna  
  • Micreascannán   
  • Micrifís  
  • Caiséid VHS  

Tá áiseanna chun féachaint ar Mhicreafoirm, DVD agus VHS, agus áiseanna chun éisteacht le caiséid fuaime ar fáil sa láthair.

Ionaid Eolais na Teicneolaíochta Cúnta (ATIC)

Tá roinnt seomraí acmhainní nua-aimseartha don Teicneolaíocht Chúnta, ar a dtugtar “Ionaid Eolais na Teicneolaíochta Cúnta" (ATIC) sa Leabharlann. Tá ríomhairí le bogearraí cúnta agus teicneolaíochtaí cúnta eile sna seomraí sin.

Ríomhaireacht & WiFi

Cuireann an Leabharlann PCanna ar fáil le haghaidh taighde ar líne i Leabharlanna Berkeley, Ussher, Hamilton agus i Leabharlann Leighis John Stearne. Tá líonra gan sreang (Wi-Fi) i ngach seomra léitheoireachta Leabharlainne le húsáid ag comhaltaí cláraithe de chuid Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Déantar nasc tríd an gcóras féinseirbhíse Rialú ar Iontráil ar an Líonra (NAC). Níl Wi-Fi ar fáil do léitheoirí a bhíonn ar cuairt ar bhonn ócáide.

Priontáil & Fótachóipeáil

Cuireann an Leabharlann 30 fótachóipeálaí dubh agus bán agus fótachóipeálaí daite amháin ar fáil ag áiteanna éagsúla ar fud na Leabharlainne. Oibrítear na fótachóipeálaithe le cártaí atá le fáil ó dháileoirí (€4.00). Tá meaisín dáilte i ngach leabharlann. Baintear úsáid as na cártaí chun priontáil a dhéanamh sa Leabharlann freisin. Is féidir cártaí a cheannach ó Shiopaí Aontas na Mac Léinn ar chostas €10.00