Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Roinn na Staire

Tá baint ag Roinn na Staire le raon spreagúil cúrsaí ag gach leibhéal. Bíonn fochéimithe ag staidéar do chéimeanna i Stair (Onóir Shingil), agus do Stair & Eolaíocht Pholaitiúil, Stair & Cultúr Ársa agus Meánaoiseach, Léann Éireannach, Léann Eorpach nó do chomhchéimeanna le hábhair eile ('Modhnóireacht Dhá Ábhar') chomh maith. Díríonn an teagasc, trí mheán an Bhéarla, ar na tréimhsí go léir ón mheánaois go dtí an tréimhse chomhaimseartha. Tá láidreachtaí faoi leith ann i stair na hÉireann, na Breataine agus Iarthar na hEorpa, agus tá modúil ar fáil i stair Mheiriceá, na hAfraice agus na hÁise chomh maith. Laistigh den raon leathan staire seo ó thaobh an ama agus na geografaíochta de, cuirimid modúil ar fáil i stair pholaitiúil, shóisialta, chultúir, intleachtúil agus eacnamaíochta.

Reáchtáiltear cúrsaí máistreachta múinte i Stair na Meánaoise, i Nua-Stair Luath, in Éire Nua-aimseartha & Chomhaimseartha agus i Stair an Phobail agus Oidhreacht Chultúir, ina bhfuil modúil ar scileanna coimeádaíochta agus a bhaineann leas as na dlúthnaisc atá cruthaithe le mór-institiúidí cultúir atá timpeall ar Choláiste na Tríonóide. Áirítear mar chuid den teagasc ar na cúrsaí sin go léir turais go dtí cartlanna, músaeim agus leabharlanna áitiúla.

 

Tá pobal taighde beomhar sa Roinn atá comhdhéanta de ghrúpa mór iarchéimithe agus taighdeoirí iardhochtúireachta a oibríonn faoi mhaoirsiú sainfhoirne. Tá cáil ar an Roinn as a díograis agus a scoláireacht; agus tá próifílí taighde seanbhunaithe ar gach ball foirne.