Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Féachann Seirbhís Sláinte an Choláiste le cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir le sláinte mac léinn.  Chomh maith le príomhchúram sláinte a chur ar fáil ar an gcampas do mhic léinn cláraithe dírítear freisin ar ghnéithe síceolaíochta agus teiripe shláinte na mac léinn chomh maith le hoideachas sláinte. Níl aon chostas ar chomhairle do mhic léinn agus is táillí measartha a bhíonn ar sheirbhísí breise.

Chomh maith le clinicí cleachtaidh ginearálta agus altra a bheith ar fáil bíonn clinicí speisialtóireachta fisiteiripe, síciatracha, sláinte ag taisteal, sláinte ghnéis, mí-oird itheacháin agus mionobráidí ar fáil. 

Buail isteach chuig oifig fháiltithe Sheirbhís Sláinte an Choláiste ag Teach 47, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2 chun coinne a dhéanamh nó glaoigh ar an oifig fháiltithe ag  +353 1 896 1591 / 1556.