Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Déan na Mac Léinn

Dr Richard Porter

Ón uair a thagann mic léinn go Coláiste na Tríonóide don treosuíomh, go dtí go gcríochnaíonn siad an scrúdú deireanach roimh an Bhronnadh Céime, bíonn Déan na Mac Léinn ag idirghníomhú le mic léinn agus le seirbhísí mac léinn, le cinntiú go mbíonn eispéireas comhchuraclach cuimsitheach den scoth acu. Tá an iliomad deiseanna rannpháirtíochta, ceannasaíochta agus taiscéalaíochta pearsanta ag mic léinn Choláiste na Tríonóide, agus is é ról an Déin ná forbairt na mac léinn a chothú agus a éascú, ag comhtháthú eispéiris na mac léinn taobh amuigh den rang le misean acadúil an Choláiste. Tá sé de dhualgas ar Dhéan na Mac Léinn cláir agus polasaithe a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, le mic léinn a spreagadh, agus le tacaíocht a thabhairt dóibh, chun ról gníomhach a ghlacadh i munlú phobal an champais.
Aithníonn Coláiste na Tríonóide go dtagann mic léinn go dtí ár gcampas ó a lán áiteanna éagsúla, le cúlraí éagsúla agus le riachtanais éagsúla. Déantar gach aon iarracht na hacmhainní agus na tacaíochtaí is fearr agus is cuimsithí a chur ar fáil d’fhorás agus d’fhorbairt phearsanta na mac léinn. Bíonn tionchar ag Déan na Mac Léinn ar pholasaithe agus ar chleachtais atá dírithe ar mhic léinn, mar shampla:

  • An tSeirbhís Ghairmthreorach
  • An tSéiplíneacht
  • Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn
  • Naíolann an Choláiste
  • An tSeirbhís Mhíchumais
  • Seirbhís Sláinte an Choláiste
  • Spórt agus Áineas
  • Seirbhís na nOidí