Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Comhpháirteachas Poiblí

Tá traidisiún fada agus tábhachtach ag Coláiste na Tríonóide i dtaobh rannpháirteachas sa phobal agus rannpháirteachas for-rochtana.

Ar an mbealach seo, coinníonn Coláiste na Tríonóide an ceangal leis an tsochaí ar bhealaí atá tairbheach don dá dhream. Ar na cineálacha comhpháirteachais a bhíonn i gceist bíonn comhpháirtíochtaí taighde agus teagaisc, gníomhaíocht dheonach mac léinn agus foirne agus cláir ar leith a chinnteoidh rochtain ar oideachas. Ní hamháin go dtugann sin an deis do chomhaltaí an Choláiste obair a dhéanamh don phobal ach tugann léargas breise do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne ar struchtúir sochaithe, ar shaincheisteanna agus ar dheacrachtaí a bhaineann le sochaithe. Tugann na gníomhaíochtaí seo deiseanna breise foghlama, gairmiúla, acadúla, agus sóisialta do mhic léinn, don fhoireann agus do dhaoine sa phobal i gcoitinne.

Ní hamháin go bhfuil timpeallacht i gColáiste na Tríonóide ina spreagtar éiteas rannpháirtíochta, freagracht shóisialta agus rannpháirteachas pobail tá an timpeallacht sin beo agus láidir ann!

Cuireann an tOifigeach um Chomhpháirteachas Poiblí tacaíocht, eolas agus seirbhísí bróicéireachta ar fáil don fhoireann agus do mhic léinn a bhfuil suim acu i seirbhís pobail laistigh agus lasmuigh den churaclam chomh maith le deiseanna tabhairt faoi obair dheonach. Áirítear ar an láithreán gréasáin eolas do mhic léinn agus d’fhoirne maidir le hobair dheonach sa choláiste agus sa bpobal níos leithne agus thar lear, don fhoireann acadúil a bhfuil suim acu oideolaíochtaí seirbhís-fhoghlama a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc nó saincheisteanna taighde a thagann ón bpobal a chur ar fáil do mhic léinn mar ábhar tionscadail agus d’eagraíochtaí pobail a mbeadh suim acu a bheith rannpháirteach le pobal an Choláiste ar na bealaí sin.