Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Léann na nInscní

I mí Iúil 1988 a bunaíodh Lárionad Léann na mBan i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I 1999, chun léiriú a thabhairt ar éagsúlacht mhéadaitheach a chuid spéise i réimsí cosúil le gnéasaíochtaí agus fireannachtaí, athraíodh ainm an Lárionaid go Lárionad Léann na Inscní agus na mBan. In 2005, cuimsíodh an Lárionad mar ball iomlán de Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí.

Tá clár M.Phil agus clár dochtúireachta ar ardchaighdeán forbartha agus coinnithe ag an Lárionad ó bunaíodh é, tá taighde tábhachtach déanta agus páirt glactha i ngníomhaíochtaí for-rochtana pobail traidisiúnta agus nuálacha. Tá aithne ar bhaill an Lárionaid ar fud na hÉireann agus ar fud an Aontais Eorpaigh dá gcuid saineolais ar shaincheisteanna a bhaineann le hinscne.

Tugtar faoi thrí chineál gníomhaíochta idirghaolmhara i Lárionad Léann na nInscní agus na mBan: teagasc, taighde agus gníomhaíochtaí pobail/seachtracha. Trí úsáid a bhaint as cur chuige lánpháirtithe i leith taighde agus foghlama, spreagtar an fhoireann agus na mic léinn araon chun a bheith páirteach sna réimsí sin uile.

Is cuid de Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide é Lárionad Léann na nInscní agus na mBan.