Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn:

Cuireann Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn tacaíocht neamh-bhreithiúnach, gairmiúil, rúnda, saor in aisce ar fáil do mhic léinn atá cláraithe le Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus le hInstitiúid Oideachais Marino, a bhfuil fadhbanna acadúla agus/nó pearsanta acu. Bíonn Comhairleoireacht, Forbairt Foghlama na Mac Léinn, agus Student 2 Student ag obair le chéile chun roghanna éagsúla tacaíochta a chur ar fáil do mhic léinn a bhfuil deacrachtaí acu.

Comhairleoireacht (SCS):

Is éard a chuirimid ar fáil:

  • Comhairleoireacht ghearrthéarmach don duine aonair ar chúrsaí pearsanta, lena n-áirítear coinne éigeandála gach lá agus gearr-choinní comhairliúcháin ag am lóin.
  • Grúpaí agus ceardlanna ar raon topaicí e.g. dúlagar, imní, fadhbanna itheacháin, méala, machnamh aireachais agus tacaíocht do mhic léinn idirnáisiúnta nua.
  • Cláir tacaíochta meabhairshláinte ar líne do shaincheisteanna faoi leith.

Student 2 Student (S2S):http://student2student.tcd.ie/

Is rud áisiúil do go leor mac léinn é labhairt lena gcomhpháirtithe faoina saol. Is slí neamh-bhreithiúnach agus go hiomlán faoi rún í an tseirbhís Student 2 Student (S2S) chun fadhbanna a phlé agus/nó chun tacaíocht agus treoir ghinearálta a fháil agus tú ag freastal ar an gColáiste. Tá sainoiliúint faighte ag meantóirí agus ag comhpháirtithe tacaíochta S2S chun éisteacht le mic léinn agus chun eolas a thabhairt dóibh.
Tacaíocht Acadúil (SLD):http://student-learning.tcd.ie
Maidir le saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí acadúla nó staidéar, cuireann Forbairt Foghlama na Mac Léinn an méid seo a leanas ar fáil:

  • seirbhís buail-isteach, coinní duine-le-duine, ceardlanna agus acmhainní ar líne.

Tugaimid treoir ar scríbhneoireacht agus cur i láthair acadúil, ar scileanna i smaointeoireacht chriticiúil, scileanna scrúduithe, strus scrúduithe agus straitéisí féin-bhainistithe.
Tá Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn lonnaithe ar an tríú urlár, 7-9 Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2. Is féidir coinne a dhéanamh trí bhualadh isteach chuig an bhfáiltiú nó trí ghlaoch ar an tseirbhís ag (01) 896 1407.