Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Fáilte chuig Roinn Léinn na dTeangacha Easpáinneacha

Thosaigh Roinn Léinn na dTeangacha Easpáinneacha amach mar chuid de dhá Ollúnacht nua i Nua-Theangacha (ceann amháin sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis agus ceann eile san Iodáilis agus sa Spáinnis) a bunaíodh i 1776. Walter Starkie, scoláire sa léinn Easpáinneach as Éirinn a raibh cáil air mar gheall ar a chuid aistriúcháin ar litríocht na Spáinne, a bhí ina chéad Ollamh le Spáinnis.

Athraíodh teideal Roinn na Spáinnise go dtí Roinn Léinn na dTeangacha Easpáinneacha in 2003 chun léiriú a thabhairt ar leathnú amach an churaclaim agus na réimsí taighde chuig Meiriceá Spáinneach, rud a bhí ag tarlú i gColáiste na Tríonóide ó na 1960-idí.

An Dr Ciaran Cosgrove
Ceann na Roinne

Maidir leis an Roinn

Is réimse staidéir spreagúil é an Spáinnis sa lá atá inniu ann agus d'ainneoin an líon mac léinn atá ag fás, tá tiomantas láidir sa Roinn do mhúinteoireacht i ngrúpaí beaga agus táthar bródúil as an atmaisféar cairdiúil agus an t-éiteas tacúil atá inti.

Cuirimid cúrsaí ar fáil i raon réimsí ó pheirspictíocht ildisciplíneach agus chomparáideach ag an leibhéal fochéime: Teangeolaíocht na Spáinne, litríocht agus cultúr na meánaoise, litríocht an 17ú, an 18ú, agus an 19ú aois, léann an aistriúcháin, cultúr, polaitíocht, stair, agus litríocht chomhaimseartha Mheiriceá Laidinigh agus na Leithinse.

Baintear úsáid as raon modhanna, idir chinn nuálacha agus traidisiúnta, chun an Spáinnis a mhúineadh, le go mbeidh raon cuimsitheach scileanna ag mic léinn i dtuiscint agus in úsáid líofa, chruinn agus mhothálach na teanga labhartha agus scríofa an lae inniu.

Is féidir staidéar a dhéanamh ar an Spáinnis faoi na cláir chéime seo:

Modhnóireacht Dhá Ábhar

TSM: Comh-onóracha i Spáinnis agus in ábhar eile as raon leathan d'ábhar sna hEalaíona, lena n-áirítear Eacnamaíocht (TR001)

Léann na hEorpa (ES)

Spáinnis le Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Polainnis nó Rúisis, laistigh de Léann na hEorpa (TR024)

Spáinnis le Staidéar Gnó (BSL)

Staidéar Gnó agus Teanga (TR090)