Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Is aonad acadúil de Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath í Roinn na Géineolaíochta, atá lonnaithe in Institiúid Géineolaíochta Smurfit.  Tá An Scoil Géineolaíochta agus Micribhitheolaíochta, ar cuid de Dhámh na hEolaíochta í, comhdhéanta d’Institiúid Géineolaíochta Smurfit agus Institiúid Moyne do Leigheas Coisctheach.

Tá timpeallacht thar a bheith comhghleacúil in Institiúid Smurfit ina bhfuil grúpa ilghnéitheach d'fhoireann teagaisc, taighdeoirí agus mic léinn as níos mó ná tríocha tír. Cuimsíonn an taighde agus an teagasc sa Ghéineolaíocht éabhlóid agus géineolaíocht mhóilíneach, cheallach, fhorbarthach, iompraíoch, liachta, daonra agus chainníochtúil, agus déanann iad a chomhcheangal.

Is institiúid taighde-bhunaithe sinn. An cuspóir atá againn ná taighde ar an gcáilíocht is airde is féidir a dhéanamh agus é a fhoilsiú in irisí a mbíonn tionchar acu.  An timpeallacht taighde a leagann amach claonadh agus caighdeáin ár ngníomhaíochtaí eile ar fad. Ár ngníomhaíocht agus ár n-aschur taighde is cúis le hard-chaighdeán ár dteagaisc. Is comhartha ar thionchar cumhachtach an chultúir thaighde a chothaítear in Institiúid Smurfit é go dtéann 75% dár gcéimithe ar aghaidh chuig ardchéimeanna, trí thaighde go príomha.

Sa bhliain 1998 a osclaíodh ár bhfoirgneamh agus tá saoráidí taighde úrscothacha ann. Tá cáil ar fud an domhain orainn as taighde ar chaighdeán domhanda a dhéanamh, rud is léir ón méid ollmhór atá bainte amach againn ó thaobh foilsithe agus maoinithe. Dá bharr sin, cuireann Institiúid Smurfit timpeallacht den scoth ar fáil chun dul i mbun taighde, mar aon le hoideachas fochéime agus oiliúint i dtaighde lena mbaineann caighdeán aitheanta.

Chuaigh céimithe ó na céimeanna B.A. (mod.) sa Ghéineolaíocht agus i nGéineolaíocht an Duine ar aghaidh chun bheith ag obair i réimsí éagsúla, go leor acu san eolaíocht nó i réimsí a bhaineann léi. Ina measc siúd tá taighde agus teagasc acadúil, an bhiteicneolaíocht; réimse atá ag fás i gcónaí, talmhaíocht, fóiréinsic, iriseoireacht, dlí paitinne, eagraíochtaí rialtais agus go leor eile. Maidir leis na daoine nach roghnaíonn gairm bheatha eolaíoch, bíonn an-éileamh i ngach réimse ar na scileanna smaointeoireacht chriticiúil agus réiteach fadhbanna a chuireann na Modhnóireachtaí i nGéineolaíocht agus i nGéineolaíocht an Duine ar fáil.