Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



An Scoil Géineolaíochta agus Micribhitheolaiochta

In 2005 a bunaíodh an Scoil Géineolaíochta agus Micribhitheolaíochta agus tá sí tiomanta freastal ar an gColáiste agus ar an bpobal níos leithne.

Déantar diantaighde sa Scoil agus tá cáil mhór uirthi go hidirnáisiúnta maidir lena bhfuil bainte amach aici go scolártha. Díríonn an Scoil ar oideachas dochtúireachta ag an leibhéal iarchéime agus cuireann trí chúrsa fochéime ar fáil freisin. Faoin iontráil Eolaíocht ghinearálta (cód TR071 na Lároifige Iontrála [CAO]) a thagann mic léinn a thugann faoi chéimeanna i nGéineolaíocht nó i Micribhitheolaíocht isteach sa Choláiste. Caitheann na mic léinn sin dhá bhliain i mbun cúrsaí eolaíochta ginearálta (ar a dtugtar An Chéad Bhliain Shóisearach agus Shinsearach) sula roghnaíonn siad dhá bhliain Sofaistí sa Scoil i mbun Géineolaíochta nó Micribhitheolaíochta.

Tá an Scoil lonnaithe in dhá fhoirgneamh ar leithligh, gach ceann acu a tógadh le deonúcháin phríobháideacha. Is in Institiúid Moyne do Mhíochaine Choisctheach atá Roinn na Micribhitheolaíochta lonnaithe agus tá Roinn na Géineolaíochta lonnaithe in Institiúid Smurfit. Tá saotharlanna taighde nua-aimseartha agus spásanna teagaisc sa dá fhoirgneamh chomh maith le tacaíocht taighde agus feidhmeanna riaracháin.