Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Seirbhís Gairmeacha Choláiste na Tríonóide

Tacaíonn Seirbhís Gairmeacha Choláiste na Tríonóide, atá mar chuid de Teagasc agus Foghlaim Choláiste na Tríonóide, le mic léinn agus le céimithe úrnua a gcuid spriocanna gairme don todhchaí a chíoradh agus pleanáil a dhéanamh chun iad a bhaint amach ag baint úsáide as réimse leathan gníomhaíochtaí, seirbhísí agus acmhainní. Feidhmíonn an tSeirbhís i dtimpeallacht a athraíonn go tapa agus a bhreathnaíonn go seachtrach agus tá solúbthacht againn freagairt do riachtanais ár bpríomhpháirtithe leasmhara (mic léinn, céimithe, fostóirí agus baill foirne acadúla Choláiste na Tríonóide).

Cuirimid oideachas, eolas, scileanna agus treoir gairme ar fáil do mhic léinn agus do chéimithe úrnua chun cuidiú leo a gcumas gairme a bhaint amach, ceangal a chruthú le fostóirí agus/nó le soláthraithe clár iarchéime, agus forbairt a dhéanamh ar na scileanna a bheidh ag teastáil chun go n-éireoidh leo san ionad oibre amach anseo. Cabhraímid leo a dtaithí foghlama, taithí fhoirmiúil (trína gcuid torthaí foghlama cláraithe) agus taithí neamhfhoirmiúil (trína gcuid gníomhaíochtaí comhchuraclaim agus seach-churaclaim), agus an chaoi a bhfuil curtha aici sin lena bhforbairt intleachta agus phearsanta a aithint agus a chur in iúl. Bímid i dteagmháil agus ag comhoibriú freisin le heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun deiseanna fostaíochta áitiúla agus domhanda a chinntiú do mhic léinn agus do chéimithe.