Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Mapa Suímh

Fáilte an Déin

Clive Williams.

Is cúis mhór áthais dom é fáilte a chur romhat chuig láithreán gréasáin Dhámh na hInnealtóireachta, na Matamaitice agus na hEolaíochta. 

De bhun cinneadh a rinneadh níos luaithe sa Choláiste struchtúr acadúil TCD a atheagrú, bunaíodh Dámh na hInnealtóireachta, na Matamaitice agus na hEolaíochta i mí Eanáir 2008, rud a d’éascaigh comhoibriú nua maidir leis an oideachas a chur ar fáil, fad a tógadh ar an méid a baineadh amach roimhe seo agus ar láidreachtaí seanbhunaithe.

Ag teacht le Misean an Choláiste, tá an Dámh tiomanta don scoth i dtaighde agus i dteagasc araon, do thaithí gach duine dá cuid mic léinn a fheabhsú agus do phobal uilechuimsitheach sa Choláiste le comhionannas rochtaine do chách.

Tá ocht scoil sa Dámh, agus cuireann sí teagasc ar chaighdeán domhanda ar fáil thar raon spreagúil disciplíní, lena n-áirítear
Réaltfhisic, Bithcheimic, Luibheolaíocht, Ceimic, Ríomheolaíocht, Innealtóireacht, Géineolaíocht, Tíreolaíocht, Geolaíocht, Imdhíoneolaíocht, Matamaitic, Micribhitheolaíocht, Eolaíocht Néarchórais, Fisic, Fiseolaíocht, Eolaíocht, Staitistic agus Zó-Eolaíocht.

Tá taighde sa Dámh ar an gcaighdeán is airde, agus léiríonn sé taighde nuálaíoch, ardcháilíochta trí chomhoibriú acadúil agus tionsclaíoch araon. I gcomhar le ceannairí náisiúnta agus idirnáisiúnta, tá an Dámh ag tabhairt aghaidh gníomhach ar chuid de na dúshláin is mó atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.

Mar Dhéan na Dámha, táim ag súil lenár ngnóthachtálacha agus an méid a bhainfimid amach sa todhchaí a fhógairt.

Tá súil agam go léifidh tú na leathanaigh láithreáin seo agus go ndéanfaidh tú teagmháil linn má bhíonn aon cheist agat.  

An tOllamh Clive Williams

Scoileanna


Nuashonraithe 14 2 2012 ag Faculty of Engineering, Mathematics and Science (Ríomhphost).