Spioradáltacht agus feasacht spioradálta ina gcuid lárnach de dhea-chleachtas cúraim sláinte

Posted on: 17 June 2021

Lucht acadúil ó Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais ag éileamh ardú feasachta maidir leis an spioradáltacht

Tá Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais i gColáiste na Tríonóide ag reáchtáil comhdháil idirnáisiúnta inniu chun feasacht a mhúscailt maidir leis an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar riachtanais spioradálta othar agus teaghlach i gcomhthéacs an chúraim sláinte.

Tá an comhdháil An Riachtanas Spioradálta i gCúram Sláinte: Bunchlocha a Dhaingniú ag teacht de thairbhe na fianaise, atá ag dul i méid, maidir le cúram spioradálta, inniúlacht, measúnú agus feasacht gur chóir creidimh reiligiúnacha agus spioradáltacht an duine a fhiosrú go tuisceanach agus a chur san áireamh ar bhonn gnáthrialta mar chuid riachtanach de sholáthar cúraim.

Tá an spioradáltacht lárnach i saol go leor daoine, baineann sí le ceisteanna dóchais, brí agus cuspóra agus cuireann sí leis an tsláinte agus leis an bhfolláine. Tá an spioradáltacht i gcroílár féiniúlachta go leor daoine agus is minic a bhíonn sí ríthábhachtach chun cabhrú leo an cruachás ina bhfuil siad a láimhseáil. Glactar go forleathan go hidirnáisiúnta leis na buntáistí sláinte a bhaineann le folláine spioradáltachta ar chaighdeán na beatha, ar imní agus ar an dúlagar.

Tá ceist na spioradáltachta ábhartha don saol mar atá sé anois de dheasca na paindéime, le líon na n-othar a d’fhulaing i dtimpeallachtaí cúraim sláinte a raibh an iliomad srianta i bhfeidhm iontu, srian ar chuairteoirí ar ospidéil ghéarmhíochaine nó ar ionaid altranais agus fíorbheagán teacht le chéile acu le daoine muinteartha. Tá tréimhsí fada caite ag go leor othar ina n-aonar agus ní raibh cead ag cuid acu a muintir a bheith in éineacht leo agus iad ag druidim leis an mbás. Bhí an tsochaí ag brath ar ár n-oibrithe cúraim sláinte a bheith in éineacht lenár ndaoine muinteartha ag an am sin.

Tugann an chomhdháil ar aird méid agus scóip na litríochta idirnáisiúnta atá ag dul i méid a dheimhníonn an spéis atá ag an bpobal altranais agus ag an bpobal níos leithne cúraim sláinte i gceist na spioradáltachta mar ghné den chúram iomlánaíoch duinelárnach. Tá an tuairim ag méadú go hidirnáisiúnta go bhfuil treoir ag teastáil ó altraí agus ó chnáimhseacha garimiúla i dtaobh cúram spioradáltachta. Fuarthas amach i staidéir idirnáisiúnta go bhfuil sainscileanna in easnamh ar altraí maidir le deiseanna measúnuithe, feasachta agus atreoraithe i dtaobh spioradáltachta.

Beidh cainteoirí as Éirinn, an Ríocht Aontaithe, Málta, an Iorua, an Ísiltír agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ag cur dearcthaí idirnáisiúnta i láthair ar an réimse taighde seo atá ag teacht chun cinn.

Déanfar iniúchadh ag an gcomhdháil ar réimsí amhail: altraí agus cnáimhseacha a ullmhú maidir le cumarsáid iomlánaíoch cúraim spioradálta i gcomhthéacs an chúraim spioradálta, bunchlocha na spioradáltachta agus forbairt spioradálta i gcomhfhios an duine.

Moltaí

Tá lucht acadúil ó Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais ag moladh:

· Feasacht spioradálta ardaithe agus aitheantas don spioradáltacht mar chaighdeán dea-chleachtais

· Comhtháthú gnéithe reiligiúnacha agus spioradálta de chúram laistigh de chleachtas, oideachas agus taighde altranais agus cnáimhseachais.

· Ceangail idir daoine a fhorbairt agus cuir chuige atruacha dhaonnachaíocha dhuinelárnach i leith an chúraim laistigh de chúram sláinte. Is cur chuige ilchodach é seo ina gcothaítear an duine ar gach leibhéal.

· Cuir chuige iomlánaíocha i leith na cumarsáide nuair atá cúram othar á chur ar fáil a chuimsíonn gach gné den chúram fad atá an spiorad á chothú ag an am céanna.

· Oideachas, oiliúint agus taighde leanúnach agus luach na cumarsáide atruaiche airí a chur chun cinn chun modhanna éifeachtacha ullmhúcháin a chumasú a rachaidh chun leasa na n-othar.

· Tacaíocht leanúnach do bhaill foirne leis an ról cúraim atá acu chun tacú le folláine agus aitheantas don ghá atá le féin-atrua i measc foirne cúraim sláinte.

Dúirt an tOllamh Kathleen Neenan, Cathaoirleach an Ghrúpa SRIG, Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais:

I measc na ngnéithe den chúram spioradálta atá ábhartha do sholáthar cúraim sláinte nua-aimseartha, a aithníonn spiorad an duine nuair atá tráma, drochshláinte nó brón roimh an mbás os ár gcomhair, agus a fhreagraíonn dó, tá an gá atá le brí a aimsiú, spás sábháilte don duine chun iad féin a chur in iúl nó spás chun deasghnátha paidre nó sacraiminte a chur ar fáil nó duine a bheith ann. Tá sé de phribhléid againn mar ghairmithe cúraim sláinte a bheith páirteach i bhfulaingt daoine agus a bheith i láthair nuair a bhíonn siad cráite agus ag an bpointe is leochailí dá saol.

Tugtar deis dúinn leis an gcomhdháil seo an fíorluach a bhaineann le soláthar cúraim spioradálta a chur chun tosaigh ar mhaithe lenár n-othair. Táimid tar éis teacht le chéile chun tuiscint níos doimhne a fhorbairt i leith na gceisteanna agus na ndúshlán atá romhainn agus chun cuidiú linn dul chun cinn a dhéanamh chun tábhacht agus baint an chúraim spioradálta a aistriú go cleachtas cliniciúil. Táimid faoi chomaoin ag na hoibrithe cúraim sláinte ar fud na tíre as an gcúram a thug siad go neamhleithleach i rith a ngairme ar fad, ach go háirithe i rith phaindéim COVID 19.

Teagmhálaí do na Meáin: Ciara O’Shea, An tOifigeach um Chaidreamh leis na Meáin | coshea9@tcd.ie | +353 1 896

Media Contact:

Ciara O’Shea, Media Relations Officer | coshea9@tcd.ie | +353 1 896 4337