Taighde nua ar éin iomráiteacha in Oirdheisceart na hÁise, na “sárthrampanna”, a chabhraíonn linn éabhlóid ainmhithe forleathana a thuiscint

Tá éin áille, ar a tugtar “sárthrampanna” de bharr go maireann said go forleathan ar oileáin thart ar an Áis, ag léiríu do zó-eolaithe an baint atá idir cumas eitilte, iomaíocht, agus an éabhlóid. Déanann an taighde seo tástáil ar theoiricí a bunaíodh ar na héin seo thar beagnach caoga bliain, agus léiríonn sé go mbíonn tionchar láidir ag iargúltacht na n-oileán ar an éabhlóid, fiú i gcás speiceas a bheadh lán-ábalta eitilt idir eatarthu.

Zó-eolaithe de chuid na Tríonóide, bunaithe i Scoil na nEolaíochta Nádúrtha, a chur an tráchtas seo i gcrích. Thógadar samplaí géiniteacha agus sonraí tomhais ón gCuilire Oileánach (Monarcha cinerascens), éan forleathan a bhfuil clú air i staidéar na héabhlóide. Rinneadar comparáid ansin idir an speiceas seo agus gaol leis, an Cuilire Bánghorm (Hypothymis puella), a mhaireann sa réigiún céanna ach a bhfuil slí bheatha éagsúil aige.

Ábhar iontais is ea toradh an tráchtais seo: tá na zó-eolaithe tar éis a aimsiú go gcuireann na cuilirí seo fúthú gan mhoill – cé go bhfuil siad ábalta eitilt chuig oileáin i bhfad i gcéin, i ndiaidh dóibh lonnú ann ní fhágann siad chun oileáin eile a lorg.

Is léir ón tráchtas go bhfuil neart nach bhfuil ar eolas againn go fóill faoi na héin seo, cé go bhfuil siad tábhtachtach i stair na heolaíochta.

Is é Fionn Ó Marcaigh, Taighdeoir Dochtúrachta i Scoil na nEolaíochta Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, príomhúdar an tráchtais. Deir sé:

Ba dheis í seo dul i ngleic le ceist chrua, agus le speiceas iomráiteach, de chuid an bitíreolaíochta. Rinne Jared Diamond, eolaí agus tíreolaí cáiliúil, staidéar ar an gCuilire Oileánach sna 1970idí. Thug sé faoi ndeara go maireann an t-éan seo ar an-chuid oileáin beaga iargúlta ach go bhfuil sé in easnamh go hiomlán ó oileáin móra sa réigiún céanna. Thug sé “sárthrampanna” ar speicis a mhaireann ar oileáin beaga amháin, agus chum sé hipitéis go raibh siad tar éis ardchumas eiltilte a fhorbairt toisc go mbíonn na hoileáin beaga seo míshocair mar ghnáthóg. Buntáiste is ea é mar sin, bheith in ann oileán a choilíniú go tapaidh. Inniu is féidir linn tástáil a dhéanamh ar an hipitéis ceannasach seo le modhanna géiniteacha, agus sonraí nua a chur leis an teoiric.  

“D’aithníomar nach leanann an Cuilire Oileánach ar aghaidh mar “shárthramp” tar éis dó lonnú ar oileán, cé go bhfuil an ardchumas eitilte seo aige. Thar am, tosnaíonn na pobail ar oileáin éagsúla ag athrú ó chéile dá bharr. Is cosúil go bhfuil siad fiú tar éis scoilt ina dhá speiceas éagsúil, cé go bhfuil an chuma chéanna orthu.“

“Léiríonn ár n-anailísí staitistiúla go mbraitheann an scoilteadh géiniteach seo ar mhéid, airde, agus iargúltacht na n-oileán, ach níor thángamar ar aon fhianaise go bhfuil cumas eitilt na gcuilirí ag laghdú. De réir cosúlachta, tá siad ag roghnú an coilíniú a shéanadh!

“Léiríonn sé cé chomh tábhachtach agus atá na hoileáin seo don éabhlóid. Nuair atá éan ag maireachtáil ar oileán beag iargúlta, luath nó mall air tiocfaidh athrú air agus tiocfaidh speiceas nua ar an saol.

“Is cosúil go mbíonn ar na sárthramphann cur fúthu lá éigin!”

D’fhoilsíodh an tráchtas seo le déanaí san iris Frontiers of Biogeography, a bhaineann leis an gCumann Bitíreolaíochta Idirnáisiúnta. Thacaigh an Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus Universitas Halu Oleo leis an taighde.

Cuireann an tráchtas seo lenár n-eolas sa réimse bitíreolaíochta, ábhar a bhaineann le dáileadh speiceas thar am agus spás. Bhí an bitíreolaíocht tábhachtach i gcónaí do staidéar na héabhlóide: bhunaigh Charles Darwin agus Alfred Russel Wallace beirt a gcuid teoiricí ar shonraí bitíreolaíochta.