Níor cheart frithdhúlagrán coitianta a úsáid a thuilleadh mar chóireáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu

Níor cheart frithdhúlagrán coitianta a úsáid a thuilleadh mar chóireáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, dar le staidéar

Is ionann éifeacht druga a úsáidtear mar chóireáil i gcoinne corraíola do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus placebo, agus d’fhéadfadh básmhaireacht mhéadaithe a bheith i gceist leis fiú, dar le staidéar nua a foilsíodh in The Lancet.

Tá sé léirithe sa taighde nár chuir an frithdhúlagrán miortasaipín feabhas ar bith ar chorraíl do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu – agus d’fhéadfadh gur mó seans básmhaireacht a bheith i gceist dá dheasca ná mar a bheadh gan idirghabháil ar bith a dhéanamh. Is é Ollscoil Plymouth a bhí i mbun stiúrtha ar an staidéar seo. Is comhthaighdeoir ar an staidéar í an tOllamh Iracema Leroi ón Institiúid Dhomhanda um Shláinte na hInchinne (GBHI), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Is comhartha coitianta néaltraithe í an chorraíl a mbíonn gníomhaíocht mhíchuí bhriathartha, ghutha nó luaileach mar thréith aici, agus is minic a bhíonn ionsaitheacht fhisiciúil agus bhriathartha mar chuid di. Ba cheart cúram otharlárnach gan drugaí a thairiscint mar chéad idirghabháil, ach mura n-oibríonn sé sin, d’fhéadfadh cliniceoirí triail a bhaint as cur chuige malartach lena n-úsáidtear drugaí. Tá sé cruthaithe go méadaíonn frithshíocóisigh rátaí báis i measc daoine a bhfuil néaltrú orthu, agus go mbíonn torthaí diúltacha eile ag baint leo freisin, agus mar sin is gnáthchleachtas é miortasaipín a ordú. Leagadh amach an staidéar seo chun cur leis an méid fianaise atá ann maidir le héifeachtacht an druga.

Sa staidéar seo, arna mhaoiniú ag an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Sláinte (NIHR), thángthas ar 204 duine ar cosúil go raibh galar Alzheimer orthu as 20 áit ar fud na Ríochta Aontaithe, agus tugadh miortasaipín do leath acu agus placebo don leath eile. Tástáil dall dúbailte a bhí ann; is é sin nach raibh a fhios ag an taighdeoir ná ag rannpháirtithe an staidéir céard a bhí á thógáil acu.

Léirigh na torthaí nach raibh puinn níos lú corraíola ann i measc an ghrúpa miortasaipín i gcomparáid leis an ngrúpa cóimheasa tar éis 12 seachtaine. Chomh maith leis sin, bhí níos mó básanna sa ghrúpa miortasaipín (seacht) faoi sheachtain 16 ná mar a bhí sa ghrúpa cóimheasa (ceann amháin), agus thug anailís le fios go raibh tábhacht bheag aige seo ó thaobh staitistice de.

Tábhacht trialacha cliniciúla in Éirinn

Is léiriú an staidéar seo ar thábhacht trialacha cliniciúla i dtaca le néaltrú. I láthair na huaire, ní ghlacann ach níos lú ná 0.5% de dhaoine a bhfuil néaltrú orthu in Éirinn páirt i dtaighde, in ainneoin an ghá fianaise a fháil chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an néaltraithe, atá ag méadú go mear, ar mhuintir na tíre atá ag dul in aois.

Tá foilsiú an staidéir seo ag teacht le seoladh Thrialacha Néaltraithe Éireann (DTI), tionscnamh 5 bliana arna mhaoiniú ag Bord Taighde Sláinte na hÉireann (HRB) faoi stiúir an Ollaimh Iracema Leroi agus an Ollaimh Sean Kennelly, iad beirt ina mball foirne in GBHI i gColáiste na Tríonóide. Is é aidhm DTI méadú suntasach a chur ar líon na ndeiseanna atá ann do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu a bheith rannpháirteach i dtrialacha cliniciúla in Éirinn.

Trí bheith ag cur le cumas agus acmhainn na hÉireann trialacha a bhaineann le néaltrú a sheachadadh, agus trí líon na ndaoine a bhíonn ag glacadh páirt i dtrialacha a mhéadú, tá sé d’aidhm ag DTI cosc/moill a chur ar fhorbairt an néaltraithe dóibhsean atá i mbaol, agus chun feabhas a chur ar chaighdeán na beatha do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu.

Dúirt an tOllamh Leroi:

Is trí thabhairt faoi thrialacha cliniciúla láidre ar ardchaighdeán maidir le galar Alzheimer agus cineálacha eile néaltraithe, agus trí sin amháin, a bhféadfaimis a bheith ag súil le dul i gcoinne an reachta seo a bhfuil tionchar aige ar an méid sin teaghlaigh in Éirinn. Tá sé de cheart ag gach uile othar páirt a ghlacadh i dtaighde agus dá bhrí sin ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh an deis acu é sin a dhéanamh.

Mhínigh an príomhthaighdeoir, an tOllamh Sube Banerjee, Déan Feidhmiúcháin Dámh Sláinte agus Ollamh le Néaltrú in Ollscoil Plymouth, an fáth gur chuir torthaí an staidéir iontas orthu, agus an fáth go bhfuil sé tábhachtach.

Tá an néaltrú ag gabháil do 46 milliún duine ar fud an domhain – agus beidh a dhá oiread duine i gceist sna 20 bliain atá amach romhainn. Fadhbanna amhail an chorraíl is cúis le droch-chaighdeán na beatha, agus caithfimid teacht ar bhealaí chun cuidiú leosan atá ag fulaingt leis an ngalar. Léiríonn an staidéar seo nach mórán cúnaimh é an bealach coitianta na siomptóim a bhainistiú – agus go bhféadfadh sé a bheith díobhálach fiú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfear na torthaí seo san áireamh agus nach mbainfear úsáid as miortasaipín a thuilleadh mar chóir leighis ar chorraíl i measc daoine a bhfuil néaltrú orthu.

Tá faisnéis thábhachtach curtha leis an méid atá ar eolas againn, agus táimid ag súil le hiniúchadh a dhéanamh ar chóireálacha eile a d’fhéadfadh feabhas a chur ar chaighdeán beatha daoine.

Is é “Study of mirtazapine for agitated behaviours in dementia (SYMBAD): a randomised, double-blind, placebo-controlled trial” an teideal atá ar an staidéar iomlán atá ar fáil in The Lancet anseo: https://bit.ly/3nAeKGC