Máirtín Ó Cadhain 2020 | Comhdháil lae ar líne

Posted on: 20 November 2020

Tá leathchéad bliain imithe ó cuireadh an mórscríbhneoir Máirtín Ó Cadhain i gcré na cille.

Ba é Ollamh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide é, agus tá Roinn na Gaeilge sa Choláiste ag eagrú comhdháil lae ar líne Dé hAoine 20 Samhain chun a bheatha agus a shaothar a chomóradh is a cheiliúradh.

Beidh na himeachtaí ar fad ar líne. Tá freastal saor in aisce ach ba chóir áit a chur in áirithe roimh ré ar shuíomh idirlín Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Beidh togha na gcainteoirí agus na gcainteanna ann. Ina measc, beidh:

  • Mícheál Briody: ‘Páipéir neamhfhoilsithe Mháirtín Uí Chadhain: a raon agus a dtábhacht’
  • Máirín Nic Eoin: ‘Cumadóireacht Uí Chadhain: tionscnamh cartlainne agus foilsitheoireachta’
  • Colm Ó Cuaig & Charles Dillon: ‘Máirtín Ó Cadhain: foclóirí’
  • Radvan Markus: ‘Cré na Cille mar úrscéal ciclipéideach’
  • Máire Ní Annracháin: ‘An t-olc bunaidh: titim an duine’
  • Caitlín Nic Íomhair: ‘Slánú, athdhéanamh agus Sisifeas i luathscéalta Uí Chadhain’
  • Ian Ó Caoimh: ‘Athnuachan: caitheamh aimsire ar thórramh’
  • Alan Titley: ‘The Dregs of the Day agus scéalta eile: an dúshlán aistriúcháin’

 

“Cuireann sé ionadh orm a mhéad atá le foghlaim fós, leathchéad bliain tar éis a bháis, faoi shaothar an Chadhnaigh,” a dúirt an Dr Pádraig de Paor, léachtóir le nualitríocht i Roinn na Gaeilge. “Is iomaí sin seoid a thabharfar chun solais ag an chomhdháil seo. Beidh fáilte is fiche roimh chách.”

Dáta:               Dé hAoine 20 Samhain, 9.30am – 5.00pm

Gach eolas:     https://www.tcd.ie/Irish/news/Comhdhail_2020.ga.php