Léiriú ardghléine ag lucht eolaíochta ar ábhar géinitice na hÉireann / Breataine

Posted on: 27 February 2018

Tá íomhá mín de shinsir na hÉireann agus na Breataine, faoi mar is léir ón lorg géinitice a d’fhág imirce isteach ar na hoileáin agus ar a bhfud, foilsithe ag dream eolaithe as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is léir lorg géanómaíochta na Lochlannach, gluaiseacht dhreamanna idir Albain agus Cúige Uladh, agus an tábhacht a bhí le cúrsaí tíreolaíochta agus ama ar thorthaí a gcuid saothair.

Trí mhapáil a dhéanamh ar chosúlachtaí agus ar éagsúlachtaí idir beagnach 1,000 duine in Éirinn agus níos mó ná 6,000 as an mBreatain agus mór-roinn na hEorpa, shonraigh an lucht taighde 50 braisle géinitice faoi leith in Éirinn agus sa Bhreatain, dreamanna daoine a bhfuil cosúlacht acu lena chéile ó thaobh sinsearachta. Tá ceangal dlúth idir scaipeadh na mbraislí géinitice seo le cúrsaí tíreolaíochta ar na hoileáin agus leis an tionchar codarsnachta a bhí ag imirce i rith stair na n-oileán.

An Dr Russell McLaughlin, Ollamh Cúnta Ussher le hAnailís Géanóim i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a stiúir an obair thaighde i gcomhar le hAonad Acadúil na Néareolaíochta i gColáiste na Tríonóide, an Wellcome Trust Sanger Institute in Ollscoil Cambridge, agus University College London. Dúirt seisean: “Is mian linn tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag géinte ar an mbaol go dtiocfadh bail áirithe easláinte chun cinn ach is féidir le mionéagsúlachtaí ó thaobh sinsearachta a bheith ina n-údar doiléire maidir le sonraí a mheas go beacht.  Cuidíonn tuiscint níos grinne ar éagsúlachtaí ó thaobh sinsearachta linn díriú isteach níos mine ghéire ar na géinte is cúis le galair.”

“Tá na braislí géinitice a fheictear in Éirinn ag teacht go maith leis na háiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine agus is féidir gnéithe áirithe de stair na hÉireann a ríomh leis na sonraí géinitice ar bhealach atá go mór i gcomhréir lena ríomhtar ó shonraí staire agus seandálaíochta.”

Deir na húdair go bhfuil ionsaí na Lochlannach ar na gnéithe sin a d’fhág lorg géinitice ar mhuintir na hÉireann anuas go dtí an lá atá inniu ann.

Is é Ross Byrne, mac léinn dochtúireachta in Institiúid Géineolaíochta Smurfit i gColáiste na Tríonóide príomhúdar an tsaothair.  Deir seisean “Is beag comhartha ar Ré na Lochlannach a bhí fágtha ar DNA mhuintir na hÉireann de réir mar a tugadh faoi deara le hobair taighde a rinneadh roimhe seo a bhí bunaithe ar DNA Y-chrómasóim.  Bhí níos lú ná 1% den bhuneolas géinitice atá ar fáil anois in úsáid le cuid den saothar luath sin, bhíothas ag díriú ar chomharthaí ar le sliocht na bhfireannach amháin a ritheann siad, agus ní móide iomlán an scéil le léamh ar an méid sin.  Ar an gcuid eile den bhuneolas géinitice a scrúdú dúinn, is féidir lorg na Lochlannach, más beag féin é, a shonrú in Éirinn go fóill.”

Rinne na húdair scrúdú ar ábhar géinitice na hÉireann i gcomhthéacs ghéinitic na Breataine chomh maith agus tugadh comharthaí breise ar imirce ó oileán go chéile chun suntais, ina measc buantoradh géinitice ar an bPlandáil agus dlúthcheangal cianseasta idir muintir Chúige Uladh agus muintir na hAlban.   Ar shonraí na hÉireann agus na Breataine a chur i láthair le chéile dóibh, thug na húdair faoi deara cosúlacht shoiléir idir pátrúin maidir le gnéithe géinitice agus gnéithe den tíreolaíocht ar an dá oileán.

Dúirt an Dr McLaughlin: “Le sonraí géinitice amháin, faightear malairt léargais ar mhapa na Breataine agus na hÉireann.”

Táthar díreach tar éis an saothar seo a fhoilsiú san iris ghradamúil PLOS Genetics.

Media Contact:

Thomas Deane, Media Relations Officer | deaneth@tcd.ie | +353 1 896 4685