Gradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide bronnta don chéad uair ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaelachta

Posted on: 01 May 2015

Cuireadh an chéad oíche bhronnta do Ghradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide ar siúl le déanaí i Seomra na Gaeilge, seomra caidrimh Gaeilge Choláiste na Tríonóide. Tugadh na gradaim, a bhronn an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta iad, chun aitheantas a thabhairt ar an obair thábhachtach, shuntasach a dhéanann mic léinn agus baill foirne Choláiste na Tríonóide ar son na Gaeilge.

Ba iad buaiteoirí an chéad chlár de Ghradaim na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide ná:

  • Cumann Mac Léinn – Cumann an Cheoil Thraidisiúnta
  • Seirbhís de chuid an Choláiste – ABAIR (Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide)
  • Mac Léinn Aonair – Fionn Ó Deá (4ú bliain, Dlí)
  • Ball Foirne Aonair – Clíona Ní Shuilleabháin (Leabharlannaí Cúnta)

Tugadh Ardmholadh do na hainmnithe seo a leanas:

  • Cumann Mac Léinn – Voluntary Tuition Programme
  • Mac Léinn Aonair – Rebecca Comer (3ú bliana, Fraincis agus Nua-Ghaeilge)

Roghnaigh fochiste de Choiste na Gaeilge, a raibh idir bhaill foirne agus mhic léinn air, na hainmnithe is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu maidir lena gcuid tiomantais don Ghaeilge, éifeacht inbhraite a gcuid gníomhaíochtaí ar shaol na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus na buntáistí a bhí ann don ollscoil iomlán agus / nó an pobal i gcoitinne mar thoradh. Nótáil an coiste go bhfuil an-ghnóthachtálacha déanta ag gach ceann de na buaiteoirí i réimse na Gaeilge.

Thréaslaigh an tAire McHugh leis na buaiteoirí mar gheall ar an méid atá curtha acu le neart na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus d’aithin sé freisin an iliomad mac léinn agus ball foirne a thóg an pobal Gaeilge breá bríomhair atá ag Coláiste na Tríonóide inniu. Léirigh an tAire an t-áthas atá air go bhfuil mic léinn Choláiste na Tríonóide, an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge, ag déanamh forbairtí fiúntacha don teanga.

“Tá ríméad orm a fheiceáil an obair iontach atá ar siúl i gColáiste na Tríonóide chun ár dteanga náisiúnta a chur chun cinn,” a dúirt an tAire McHugh. “Tá áthas orm ach go háirithe an fuinneamh agus dea-thoil don teanga atá ann i measc na mac léinn anseo a fheiceáil. Chun an teanga a neartú, caithfidh muid a chinntiú go dtugtar gach spreagadh don chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge, agus creidim gur céim mhór chun tosaigh iad na gradaim seo sa sprioc céanna i gColáiste na Tríonóide.”

Labhair Rúnaí an Choláiste, an tUasal John Coman, faoin réimse seirbhísí Gaeilge a chuireann Coláiste na Tríonóide ar fáil – Seomra na Gaeilge, an Scéim Chónaithe Gaeilge do mhic léinn, agus ranganna Gaeilge san áireamh. Tugtar na ranganna Gaeilge saor in aisce do mhic léinn agus do bhaill foirne agus cuireann mic léinn idirnáisiúnta spéis mhór iontu. Mhol an Rúnaí an Cumann Gaelach don ról tábhachtach a chomhlíonann siad maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc mhic léinn na hollscoile. Tá an Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó i gColáiste na Tríonóide, a bhfuil roinnt mhaith gradam buaite acu le blianta beaga anuas, taobh istigh den ollscoil féin agus ag leibhéal náisiúnta chomh maith.

Léirigh an réimse leathan ainmnithe a fuarthas do Ghradaim na Gaeilge, áfach, nach mbaineann tacaíocht don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide leis an Chumann Gaelach amháin. Fuarthas uimhir agus caighdeán ard ainmnithe. Comhlíonann bunú an chláir ghradam seo, chun aitheantas a thabhairt do ghnóthachtáil na mac léinn agus na foirne i réimse na Gaeilge, gealltanas a rinne Coláiste na Tríonóide ina Scéim Teanga 2013-2016. Tá gealltanais uaillmhianacha agus fhadréimseacha déanta ag an gColáiste ina dhá Scéim Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Déanann an ollscoil iarracht i gcónaí na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil do mhic léinn, do bhaill foirne agus don phobal a fheabhsú.

Béarla