Éanlaith ag éagsúlú go tapa in Oirdheisceart na hÁise – tá taighde nua ar Chabairí na Sulaivéise ag léiriú nithe ceilte dúinn maidir leis an éabhlóid

Tá zó-eolaithe tar éis torthaí nua a fhoilsiú óna gcuid oibre ar éanlaith in Oirdheisceart na hÁise, a thugann léiriú ar na nascanna idir iompraíocht ainmhithe, an gheolaíocht, agus an éabhlóid. Is léir uathu gur féidir le speiceas athrú níos tapúla ná mar a bheadh coinne leis, faoi choinníollacha áirithe.

Rinne na zó-eolaithe, as Scoil na nEolaíochta Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, seicheamhú DNA, tomhas agus taifead ar Chabairí na Sulaivéise (Pellorneum celebense), éin cúthaile a mhaireann sa scrobarnach ar oileáin Indinéiseacha.

Cé go bhfuil cuma an-chosúil ar na cabairí uilig agus go gcuireadh i bhfospeiceas amháin iad, agus cé go raibh droichid talún idir na hoileáin tuairim agus tríocha mhíle bliain ó shin, léiríonn an tráchtas nua go bhfuil éagsúlacht tar éis teacht eatarthu maidir le DNA, méid, agus ceol sa thréimhse ó shin. Is tréimhse ghairid í seo ó thaobh éabhlóide de.

Measann na zó-eolaithe go bhfuil saol bheatha na gcabairí ag déanamh éascaíocht don éabhlóid, toisc go n-oireann sé dóibh fanacht sa scrobarnach agus gan eitilt idir na hoileáin, rud aige bheidís ábalta dá teastódh sé uathu.

Sa thréimhse ghairid ina bhfuil na hoileáin tar éis a bheith scoite ó chéile, tá na fospeicis tar éis éabhlóid a dhéanamh ionas go bhfuil an éagsúlacht eatarthu cothrom le 1/3 den éagsúlacht idir na cabairí agus speiceas éin eile a scair uathu na milliúin bliain ó shin.

Deir Fionn Ó Marcaigh, príomhúdar an tráchtais agus dalta dochtúrachta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha sa Tríonóid:

Tá clú agus cáil ar na glasáin Galápagos ar a dhein Darwin staidéar, agus na goba éagsúla orthu. Tá Oileáin Galápagos scoite amach san Aigéan Ciúin, i gcaoi go raibh flúirse ama ag na héanlaith úd éagsúlú a dhéanamh. Áfach, ar uairibh tarlaíonn an éabhlóid ar scálaí ama agus achair atá i bhfad níos lú, agus go minic is deacair í a aithint agus tú ag breathnú ar na n-ainmhithe.

“Ní hionann Oileáin Galápagos agus na hoiléain Indinéseisacha: níl ach 20 ciliméadar nó níos lú idir mórthír na Sulaivéise agus na hoileáin eile. Tagaimid ar bhreis bithéagsúlachta i gcónaí, go minic ceilte ar oileáin nó i speicis nár scrúdaíodh cheana.

“Tá go leor den bhithéagsúlacht seo i mbaol: inár dtráchtas nua, chonacamar go raibh éanlaith níos éagsúla ar oileáin déanta de charraig ar leith. Tá an charraig “ultramafach” seo lán le nicil agus le mianraí eile, a thagann amach san ithir agus a chruthaíonn gnáthóg ar leith do phlandaí agus d’éanlaith dá bharr. Faraor, tá comhlachtaí mianadóireachta ar thóir na mianraí céanna. Is gá bithéagsúlacht na noileáin, agus na próisis éabhlóide dá chruthaigh, a shonrú sula mbeidh sé ródhéanach.”

Chabhraigh an Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus foireann san Ollscoil Halu Oleo leis an taighde, foilsithe san iris Zoologischer Anzeiger.

Tá an tráchtas iomlán le fáil saor ó shuíomh an foilsitheora (https://doi.org/10.1016/j.jcz.2021.07.006) agus tá achoimre níos faide ar fáil anseo.