Comóradh ar Seamus Heaney i bhfilíocht agus in amhráin

Posted on: 27 April 2018

Bhailigh ceathrar aistritheoirí atá le fada ag plé le haistriúchán ar shaothar filíochta Seamus Heaney i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chun filíocht Heaney san aistriúchán a cheiliúradh ar ócáid oscailte fhoirgneamh nua Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide.

Mar chuid den imeacht léigh Grigory Kruzhkov, András Imreh, Jerzy Jarniewicz agus Pura López Colomé, aistritheoirí ar shaothar Heaney, filíocht de chuid Heaney i Rúisis, Ungáiris, Polainnis agus i Spáinnis Mheicsiceo agus chas an Soprán Sylvia O’Brien sraith amhrán Heaney cumtha ag Seóirse Bodley. Is i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide a bhí an ócáid ar siúl, ócáid in ómós don méid a chuir Seamus Heaney leis an litríocht mar scríbhneoir agus mar aistritheoir, agus chun aitheantas a thabhairt don tacaíocht mhór a thug Heaney d’fhorbairt Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide.

Níos túisce sa lá ag ócáid i bhfoirgneamh nua an lárionaid, teach mór ón ré Seoirseach ag 36 Sráid na bhFíníní, bhí Marie Heaney, baintreach Seamus Heaney, in éineacht le Propast Choláiste na Tríonóide an Dr Patrick Prendergast, an t-údar John Banville agus na ceoltóirí Tama de Búrca (na píb uilleann), Junshi Murakami (an chláirseach) agus Meg Stoop (an fhliúit) chun oscailt an áitribh nua a cheiliúradh. Tugadh aitheantas ag an ócáid freisin do cheapachán stiúrthóir nua an lárionaid, Michael Cronin, an tOllamh le Fraincis a thiocfaidh in áit an stiúrthóra bunaidh, an tOllamh Sarah Smyth, Ollamh Comhlach le Rúisis.

Tá Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide ar an gcéad cheann dá leithéid in Éirinn. Comhpháirtíocht atá ann idir Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, LitríoHYPERLINK “http://www.literatureireland.com/”cht Éireann agus Dalkey Archive Press a chothaíonn agus a chuireann chun cinn aistriúchán litríochta agus leis sin a chuireann an chuid is fearr den litríocht idirnáisiúnta ar fáil do lucht léitheoireachta in Éirinn agus scoth na litríochta Éireannaí ar fáil do lucht a léite ar fud an domhain.

Dúirt Michael Cronin, an tOllamh le Fraincis agus stiúrthóir nua an lárionaid: “I gcroílár obair Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide, tá cur chun cinn obair chruthaitheach na n-aistritheoirí litríochta a nascann teangacha agus cultúir an domhain. Tugann aistriúchán litríochta léargas dúinn in Éirinn ar an domhan iomlán, agus léargas do mhuintir an domhain ar Éire – ní raibh an comhrá domhanda seo ag teastáil chomh géar riamh, tráth a bhfuil amhras faoi thodhchaí na hEorpa de bharr eisiamh eitneach atá ag dul i dtreise agus muid ag fáil faoi réir don Eoraip i ndiaidh na Breataine. Is mó suim atá ag aistritheoirí ceangail a dhéanamh seachas iad a scrios, ballaí a dhreapadh seachas a thógáil agus tá siad ábalta, trína gcuid oibre, comhshaoránacht a chur chun cinn agus guth a thabhairt dóibhsean nach bhfuil aon ghuth ná aitheantas acu.”

In 2012 a bunaíodh Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide. Déanann an Lárionad aistriúchán litríochta agus cultúr ó gach teanga in Éirinn go gach teanga inti a fhorbairt, a chur chun cinn agus a thacú trí oideachas, foilsiúchán agus comhpháirtíocht. Tá aistriúchán litríochta agus cultúr i gcroílár a mhisin. Bíonn baint ag an lárionad le céimeanna uile an phróisis aistriúcháin, ag cur oiliúint ar aistritheoirí litríochta na todhchaí agus ag tabhairt deiseanna dóibh aithne a chur ar líonra aistritheoirí, foilsitheoirí, údar, léitheoirí agus lucht díolta leabhar in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir. Cuirtear acmhainní agus deiseanna ar fáil sa lárionad d’aistritheoirí agus taighdeoirí bunaithe chomh maith.

Dúirt Sinéad Mac Aodha, Stiúrthóir Litríocht Éireann: “Is comhpháirtí bródúil agus gníomhach é Litríocht Éireann, an eagraíocht atá freagrach as litríocht na hÉireann a chur chun cinn thar lear, i Lárionad Aistriúchán Litríochta agus Cultúr Choláiste na Tríonóide. Ag obair go dlúth le foilsitheoirí agus aistritheoirí as gach cearn den domhan, an aidhm atá againn ná próifíl agus meas ar litríocht na hÉireann a chothú ó Bhéising go Buenos Aires, Caireo go Chennai. Ó bunaíodh an lárionad in 1994, tá maoiniú déanta againn ar os cionn 2,000 aistriúchán ar leabhair Éireannacha go níos mó ná leathchéad teanga.

I saol ina bhfuil gá níos mó ná riamh le daoine le hintinn oscailte, is deis iontach a bheidh i 36 Sráid na bhFíníní d’aistriúchán litríochta agus malartú cultúr.”

Dúirt John O’Brien, Stiúrthóir Dalkey Archive Press: “Tá poitéinseal iontach ag an lárionad, d’Éire agus don phobal idirnáisiúnta. Tá go leor le déanamh ag Éire le coinneáil leis an gcuid eile den Eoraip i ndáil le haistriúchán a chur ar fáil agus a phlé agus is é an lárionad an áit le tús a chur leis an bplé sin.