Comóradh ag Comhdháil i gColáiste na Tríonóide ar Albanach a chorónú 700 Bliain ó shin ina Ard-Rí Éireann

Posted on: 22 September 2015

Beidh Albanach a chorónú ar an duine deireanach a bhí ina Ard-Rí Éireann á chomóradh ag comhdháil thábhachtach idirnáisiúnta a dhíríonn ar Ionradh Eadbhard Brús ar Éirinn 700 bliain ó shin i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an 18 agus an 19 Meán Fómhair 2015.

700 bliain ó shin an t-am deireanach ar roghnaigh Éireannaigh Ardrí.  Ba é Eadbhard Brús a roghnaíodh – Albanach agus deartháir le Roibeard, Rí na hAlban.  Eachtra chinniúnach i stair na hÉireann agus i stair na hAlban araon a bhí i gcorónú Eadbhaird ina Ard-Rí Éireann agus ina fheachtas míleata i n-aghaidh thiarnas na nAngla-Normánach in Éirinn.  Ionradh Brús a thugtar ar an bhfeachtas sin a chuir athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus a threisigh le feachtas an neamhspleáchais in Albain ionas gur tháinig chun cinn le himeacht aimsire an dá náisiún ar a dtugtar Éire agus Albain sa lá atá inniu ann.

Déanfar an eachtra bhuntábhachtach seo i stair na hÉireann agus i stair na hAlban a chíoradh ag comhdháil faoin teideal The Irish-Scottish World in the Middle Ages. Comhdháil dhá lá atá inti a bhfuil saorchead isteach chuici ag an bpobal agus tá sí á heagrú ag Ionad Taighde Stair na Meánaoise i Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide i gcomhar leis an Ulster-Scots Agency. Is é seo an dara Siompóisiam faoi Éire na Meánaoise i gColáiste na Tríonóide – sraith trína bhféachtar le scoláireacht den chéad scoth agus de thob na huaire a chur i láthair don uile dhuine ionas go gcothaítear tuiscint níos forleithne ar stair na meánaoise in Éirinn agus taitneamh as an ábhar.  Beidh an 13 léacht a thugtar i rith dhá lá na comhdhála ar fáil ina dhiaidh sin ar chainéal YouTube Choláiste na Tríonóide.

Beidh léargas nua á thabhairt ag staraithe iomráiteacha as Éirinn agus tíortha thar lear ag an gcomhdháil ar stair agus oidhreacht thíortha na hÉireann agus na hAlban atá fite fuaite ina chéile.  Bhí Ionradh Brús agus corónú Eadbhard Brús ina Ard-Rí Éireann cinniúnach maidir leis an gceangal seo agus is trom an toradh a bhí air in Éirinn agus in Albain araon.

"Is deis an siompóisiam seo chun an scéal a ríomh a bhaineann leis an athrú ó réimse amháin ar fud na hÉireann agus na hAlban go dtí an dá náisiún mar a fheictear Éire agus Albain dúinn inniu. Eachtra chinniúnach sa scéal sin ab ea Ionradh Brús," arsa Seán Duffy, Ollamh le Stair na Meánaoise in Éirinn agus duine de lucht eagraithe na comhdhála.

"Cé gur briseadh ar Eadbhard Brús agus gur maraíodh é sa bhliain 1318, is fada a chuaigh an toradh a tháinig ar an ionradh. Tháinig athrú ar leathnú na nAngla-Normánach in Éirinn agus sa dara leath de na meánaoiseanna, tháinig athbheochan ar litríocht na nGael agus cultúr na nGael faoi bhláth.  An tráth céanna, ardú meanma a bhí ann do na hAlbanigh an cath a chur ar na Sasanaigh in Allt nam Bannag, rud a réitigh an bealach don náisiún neamhspleách."

"Níl mórán dreamanna ann a bhfuil ceangal chomh dlúth eatarthu agus atá idir na hÉireannaigh agus na hAlbanigh.  An t-ainm Béarla Scotland, is nod maith é maidir leis an gceangal sin mar gurbh Éireannach an chiall a bhí le Scotus i Laidin thús na meánaoise agus gurbh í Éire tír na Scoti. Is comhartha maith ar a threise a bhí tionchar mhuintir na hÉireann ar an réimse tíre a dtugtar Albain sa lá atá inniu ann an t-ainm sin a bheith i mBéarla anois ar an gcuid ó thuaidh den oileán thall."

Ar bhuaicphointí an tsiompóisiaim, beidh an seisiún faoi Ionradh Brús go díreach.  Cuirfidh an Dr Michael Penman, Ollscoil Sruighlea, údar na beathaisnéise is deireanaí ar Roibeard Brús (Yale University Press), an scéal i láthair ó thaobh na hAlban agus scrúdóidh an tOllamh Duffy an tionchar a imríodh ar chás na hÉireann.

Beidh príomhléacht faoin teideal ‘Ireland and the beginnings of Scotland' á tabhairt ag an Ollamh Dauvit Broun, Ollamh le Stair na hAlban in Ollscoil Ghlaschú, atá ar dhuine de na staraithe is iomráití dá ghlún féin staraithe in Albain.

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Media Relations Officer | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551