Bearta Géara chun Gáinneáil a Chosc ag Teorainneacha na hEorpa ag Brú na nImirceach i dtreo Smuigleálaithe Daoine de réir dhuine den lucht léinn i gColáiste na Tríonóide

Is é atá de thoradh ar bhearta diana ag teorainneacha na hEorpa d’fhonn gáinneáil a chosc go ngéaraítear ar neamhdhiongbháilteacht na n-imirceach agus go dtiomáintear iad i dtreo lucht gáinneála agus smuigleála, de réir dhuine den lucht léinn i gColáiste na Tríonóide a bheidh ag caint ag plé poiblí faoin teideal ‘Destination Europe: Reflections on the Refugee Crisis’, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tráthnóna inniu, an 19 Samhain 2015.

Ag an ócáid sin, bheidh an Dr Gillian Wylie, Ollamh Cúnta le Léann na  Síochána Idirnáisiúnta, ag díriú ar an dóigh a bhfuil an friotal maidir le gáinneáil ar dhaoine glactha chucu féin ag rialtais de chuid na hEorpa ionas go mbíonn údar le lua acu le bearta géara de chineál bhearta slándála in aghaidh lucht imirce.  Áitíonn sí nach mbíonn de thoradh ar an straitéis sin ach gur mó is dócha go dtiocfaidh daoine ag lorg seirbhísí ar lucht gáinneála agus smuigleála.

Luaigh an Dr Gillian Wylie: “Is é an t-údar a luann rialtas na hUngáire atá leis an sconsa sreang rásúir le teorainn na tíre sin gur ‘beart in aghaidh gháinneáil ar dhaoine’ atá ann.  Ar leibhéal níos ginearálta, tá rialtais na hEorpa, le cúnamh ón ngníomhaireacht teorainneacha Frontex atá acu, ag pleanáil freagairtí maidir le ‘géarchéim imirce na hEorpa’, ar a n-áirítear bearta de leithéid ‘dronga gáinneála a chloí’ agus ‘báid lucht gáinneála agus smuigleála a scrios’. Nuair a bhaintear úsáid as friotal maidir le gáinneáil ar dhaoine, ceapann stáit de chuid an AE údar maith le ceist slándála a dhéanamh as ceisteanna imirce.  Is uafásach an paradacsa é gurb é atá de thoradh ar bhearta diana den chineál a oibríonn an Ungáir agus tíortha eile chun gáinneáil a chosc, go ngéaraítear ar mheon neamhdhiongbháilteachta na n-imirceach ionas gur mó is dócha go dtéann daoine ag lorg seirbhísí ar lucht gáinneála agus smuigleála.”

“D’fhéadfadh gurbh ábhar díomá dóibh siúd sa saol sibhialta a bhíonn i mbun feachtais d’fhonn deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine an dlisteanú seo ar bhearta géara slándála stáit d’fhonn cosc a chur ar lucht imirce ag teacht don Eoraip, nuair a théann sin in aghaidh an rún a bheadh acu féin cearta daonna na ndaoine a ndéantar gáinneáil orthu a chosaint.  Ina ainneoin sin, ó tugadh ar ais isteach faoin dlí idirnáisiúnta é le Prótacal Palermo na Náisiún Aontaithe sa bhliain 2000, mar chuid de Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, tá dlúthcheangal á nascadh idir an clár oibre domhanda chun gáinneáil ar dhaoine a chosc agus ábhar buartha níos ginearálta i measc lucht rialtais faoi choireacht eagraithe thrasnáisiúnta, smacht a choinneáil ar theorainneacha, lucht imirce a rangú agus imirce go ginearálta a léiriú mar bhagairt ar chúrsaí slándála.”

Tá an ócáid seo, arna heagrú ag Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide, ina cuid den tsraith pléchainteanna faoin teideal ‘Behind the Headlines’.  Cíorfar an bealach ina bhfuil múnlú á dhéanamh trí fhriotal an eisiata agus an chuimsithe ar fhreagairtí na hEorpa i ndáil le géarchéim na ndídeanaithe ar an iliomad leibhéal agus an dóigh ina ngoilleann sin ar chumas na ndídeanaithe agus na n-imirceach a bheith ina gcuid slán den phobal mar Eorpaigh nua.

Beidh an Dr Patricia Brazil, Ollamh Cúnta, Scoil an Dlí, ag caint ag an ócáid freisin agus ise ag díriú ar dhlí na ndídeanaithe go hidirnáisiúnta, san Eoraip agus in Éirinn agus faoi na daoine a fhéadann agus nach bhféadann rochtain a fháil ar chosaint do dhídeanaithe agus ar an scóip a ghabhann leis an gcosaint sin.  Díreoidh sí freisin ar an gcás a fhágann nach bhfuil aon fhoráil faoin dlí trína leagtar amach an dóigh inar féidir le dídeanaí go praiticiúil próiseas do dhídeanaithe a thapú.

“Is é an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe 1951 bonnchloch dhlí na ndídeanaithe agus cinntítear leis sin nach féidir aon duine a chur ar ais go dtí tír ina mbeadh ciapadh i ndán dóibh mar gheall ar chine, reiligiún, náisiúntacht, tuairim pholaitíochta nó a bheith ar dhuine de ghrúpa sóisialta faoi leith.  Ar cheann de na lochtanna móra atá ar an gCoinbhinsiún, ina ainneoin sin, tá nach ndírítear ar an gceist bhuntábhachtach maidir le teacht ar chosaint don dídeanaí.  Tá an locht céanna sin arís ar dhlí an AE.  Ní dhéantar foráil faoi dhlí an AE don cheist phraiticiúil maidir le modh inar féidir le dídeanaí rochtain a fháil ar phróiseas na ndídeanaithe.”

“Ní féidir le dídeanaithe atá ag teitheadh agus iad i mbaol a mbáis iarratas a dhéanamh roimh ré ar chead isteach san AE agus tearmann a éileamh.  Fágann smachtbhannaí ar lucht iompair nach ligfidh comhlachtaí eitleáin nó loinge do dhídeanaithe taisteal gan cruthúnas go bhfuil cead isteach san AE acu, ach níl aon bhealach ann ag dídeanaí cead den sórt sin a fháil.  Is ar an gcúis sin a théann na mílte agus na mílte i gcontúirt a mbáis ag dul trasna tíre agus farraige – agus de réir mar atá tuairisc ag teacht ar thragóid i ndiaidh tragóide, is géire ná riamh an gá modh sábháilte dleathach a chur ar fáil do dhídeanaithe trínar féidir taisteal go dtí an Eoraip.”

Ag tarraingt ar thaighde le gairid ar chúrsaí curaclaim agus an seomra ranga, cíorfaidh an Comhollamh Daniel Faas, Roinn na Socheolaíochta, roinnt de na dúshláin i gcúrsaí oideachais a eascraíonn ón iléagsúlacht cultúir, eitneach agus creidimh ar fud phobail na hEorpa agus, go sonrach, ar an gcaoi ina bhfuil córas oideachais na hÉireann ag dul i ngleic le himircigh nua agus dídeanaithe a theacht isteach.

“Is mó an seans go mbeidh tairbhe ag daltaí imirce as scoileanna a bhfuil cur chuige cuimsitheach iontu, ós mó an seans go mbeidh comhionannas deiseanna oideachais le tapú acu.  Ina ainneoin sin, má tá oideachas cuimsitheach dáiríre le cur ar fáil, ní mór athruithe eile a thabhairt isteach maidir le hoiliúint réamhsheirbhíse ar mhúinteoirí agus oiliúint inseirbhíse san oideachas idirchultúrtha a bheith ar fáil do gach múinteoir.”

“Ní mar a chéile an cúnamh taca a chuirtear ar fáil do leanaí ar a theacht dóibh ar imirce go hÉirinn agus a bhfuil ar fáil i dtíortha eile.  Cé go gcuirtear cúnamh taca ó thaobh cúrsaí teanga agus oideachais ar fáil in Éirinn, mar a dhéantar i dtíortha eile, bítear ag súil go bhfreastalódh na córais taca atá ar fáil cheana féin do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste go ginearálta ar dhaltaí imirce in Éirinn. Ní leor an cúnamh taca atá ar fáil i scoileanna dara leibhéal in Éirinn faoi láthair agus tá gá le feabhsú leanúnach ar scileanna teanga agus le cúnamh taca teagaisc go leanúnach.”

Labhróidh Hassina Kiboua, Comhairle Dídeanaithe na hÉireann ag an ócáid ag díriú ar roinnt de na ceisteanna polasaí agus de na ceisteanna praiticiúla a bhíonn roimh gach dídeanaí agus gach duine a iarrann tearmann in Éirinn faoi láthair, mar shampla, cúrsaí ateangaireachta, ceisteanna maidir le aontú teaghlaigh, tithíocht agus leas sóisialach.

Sa tsraith pléchainteanna ‘Behind the Headlines‘ arna heagrú ag Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide, cuirtear anailís ar cheisteanna reatha ar fáil ó shaineolaithe i réimsí taighde na n-ealaíon agus na ndaonnachtaí.  Féachtar le fóram a chur ar fáil trína gcothaítear tuiscint níos doimhne, trína gcuirtear in aghaidh róshimpliú agus deighilt mar gheall ar thuairimí, trína gcruthaítear ionad don phlé poiblí atá lán eolais agus measa.

Media Contact:

Fiona Tyrrell, Former Press Officer for the Faculty of Arts, Humanities & Social Sciences | publicaffairs@tcd.ie | +353 1 896 4168