Athchruthú fíorúil 3T de thaispeántas ealaíne na bliana 1922 a chuir Saorstát Éireann ar an ardán domhanda

Seolfaidh Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, athchruthú digiteach 3T den taispeántas ceannródaíoch ealaíne a cuireadh ar siúl i bPáras sa bhliain 1922, Exposition D’Art Irlandais, a d’fhógair Saorstát Éireann os comhair an domhain, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tráthnóna inniu [Dé hAoine an 28 Eanáir 2022] ag imeacht i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide.

I mí Eanáir na bliana 1922, de réir mar a bhí Stát na hÉireann ag aistriú go neamhspleáchas, ghlac rialtas na hÉireann páirt in Aonach na nGaedheal 1922 i bPáras chun bunú Shaorstát Éireann a fhógairt os comhair an tsaoil mhóir agus chun tacaíocht a chothú i measc an phobail idirnáisiúnta. Áiríodh seisiúin chomhdhála, léachtaí, ceolchoirmeacha agus drámaí san imeacht uaillmhianach cothaithe stáit seo.

Bhí taispeántas amharc-ealaíona na hÉireann mar phríomh-mhír an imeachta, inar cuireadh pictiúir ola, píosaí dealbhóireachta, saothair gloine daite agus teicstílí le healaíontóirí amhail Sarah Purser, Jack B Yeats, Harry Clarke, Sean Keating, Lily Yeats, John Lavery, Mary Swanzy, agus Paul Henry os comhair an phobail. Ealaíontóirí ab ea iad a chruthaigh saothair ar ar bunaíodh canóin ealaíon na hÉireann. Luathshampla de chumhacht lách agus taidhleoireacht chultúrtha a bhí ann, inar baineadh leas as ealaíon na hÉireann chun athbhrandáil a dhéanamh ar Éirinn iarchoilíneach agus léiriú a thabhairt ar an méid a bhíomar ag cur romhainn mar náisiún.

Is inniu a sheolfar an tionscadal Seeing Ireland: 1922, céad bliain ar aghaidh díreach ó oscailt an taispeántais i bPáras. Tionscnamh uaillmhianach daonnachtaí digiteacha is ea é a chaitheann solas ar an imeacht ealaíne seo i bPáras a ndéantar neamhiontas de tríd an taispeántas a athchruthú go fíorúil agus é a lonnú i gcomhthéacs stair pholaitíochta agus chultúir na hÉireann. Staraithe ó Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí, i gcomhar le hInstitiúid Taighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí, Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide, a d’fhorbair an taispeántas seo atá mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Eispéireas tumthach fíorúil atá in athchruthú digiteach an taispeántais (ar www.seeingireland.ie), a thabharfaidh léargas don bhreathnóir ar mar a bhí sé a bheith i láthair ag an taispeántas bunaidh. Beidh cuairteoirí chuig an láithreán gréasáin in ann:

  • nascleanúint a dhéanamh ar athchruthú 3T den spás taispeántais bunaidh in Galerie Barbazanges agus 100 ceann de na saothair ealaíne a bhí ar taispeáint a fheiceáil.
  • píosaí a léamh faoi na healaíontóirí, na taispeántáin agus an “luach bolscaireachta” a bhain le saothair áirithe – na fáthanna polaitíochta agus cultúrtha a bhain lena roghnú do thaispeántas na bliana 1922.
  • tuilleadh a fháil amach faoin Aonach agus gnéithe eile de chláir an Aonaigh lena n-áirítear léachtaí, amharclannaíocht, ceolchoirmeacha agus turas carr Pháras.
  • foghlaim faoi chomhthéacs staire an Aonaigh – díreach coicís tar éis don Dáil an Conradh Angla-Éireannach a dhaingniú, sular thosaigh Cogadh na gCarad i ndáiríre, tháinig an taobh a bhí ar son an Chonartha agus an taobh a bhí ina choinne le chéile chun tacú le haidhm pholaitíochta an taispeántais; bolscaireacht i bhfoirm amharc-ealaíon a cheadaigh an stát.

 

Is éard a dúirt Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: “Tá an-áthas orm go bhfuil mo Roinnse ag tacú le Seeing Ireland | Art, Culture and Power in Paris, 1922, trí chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Insítear scéal Exposition d’Art Irlandais agus Aonach na nGaedheal tríd an taispeántas iontach staidéarach seo. Is díol sásaimh faoi leith é go mbeidh cuairteoirí chuig an láithreán gréasáin as gach uile cearn den domhan ábalta taitneamh a bhaint as eispéireas tumthach de phríomheachtra i stair ealaín na hÉireann, ina raibh saothair le healaíontóirí amhail Sarah Purser, Jack Yeats, Seán Keating ar taispeáint i bPáras sa bhliain 1922, mar iarracht áit ealaíne agus ceardaíochta na hÉireann a bhailíochtú mar láithreacht iarchoilíneach sa réimse domhanda.”

Tá roinnt saothar san áireamh sa taispeántas a bhfuil taobh follas polaitiúil leo, amhail Funeral of Terence McSwiney agus Blessing the Colours le Lavery agus Bachelor’s Walk, In Memory le Jack Yeats. Féachadh le portráidí daoine mór le rá i saol polaitíochta na hÉireann, amhail Art Ó Gríobhtha, Mícheál Ó Coileáin agus Eoin Mac Néill, rialtas cumasach feidhmiúil a léiriú. Thug saothair eile dúshláin do shean-chlíséanna cóilíneacha trí mhuintir na hÉireann a léiriú mar chine maorga, saothrach agus neamhspleách. Féachadh le taispeántáin ealaíon agus ceardaíochta, lena n-áirítear gloine dhaite, miotalóireacht agus bróidnéireachta, Éire a shuí mar náisiún a raibh stair ar leith aici a leag tábhacht ar réada ard-ealaíne a chuaigh siar go ré na meánaoise. Spéisiúil go leor, ba mhná iad thart ar leath de na healaíontóirí a bhí páirteach sa taispeántas.

Seo mar a mhínigh an Dr Billy Shortall é, Comhalta Taighde Ryan Gallagher Kennedy i Roinn Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta: “Cailleadh an t-imeacht tábhachtach seo i stair chultúrtha na hÉireann idir mórimeachtaí míleata agus polaitíochta an ama, is iad sin Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, agus dá bhrí sin, rinneadh neamhiontas de i staireolaíocht ealaín na hÉireann. Ráiteas ceannasach polaitíochta leis an Stát a bhí ag teacht chun cinn ab ea an taispeántas, i bPáras, príomhchathair na healaíne, faoi scála agus caighdeán na n-amharc-ealaíon comhaimseartha in Éirinn – rud ar fháiltigh an dá thaobh de dheighilt an Chonartha roimhe. Leis an athchruthú digiteach seo, ligtear dúinn breathnú ar Éirinn an ama sin trí lionsa an chultúir seachas trí lionsa na polaitíochta nó trí lionsa míleata.”

Is éard a dúirt an Dr Ciaran O’Neill, Ollamh Comhlach Ussher i Stair an Naoú hAois Déag: “Dar ndóigh beidh go leor d’ócáidí comóraidh sa bhliain 2022 ag díriú ar théamaí a bhaineann le scoilt i gcúrsaí polaitíochta agus le deighilt ó thaobh idé-eolaíochta de. Léirítear tréimhse aontachta nár sheas i bhfad sa bhliain 1922 lenár dtogra, tréimhse inar tháinig an aicme pholaitiúil a bhí ag teacht chun cinn agus an scothaicme ealaíonta le chéile chun comhoibriú ar thaispeántas d’ealaín agus cultúr na hÉireann i gceartlár an chultúir dhomhanda i bPáras. Déantar an caidreamh siombóiseach idir an stát agus ealaíontóirí an stáit óna bhunú sa bhliain 1922 a scrúdú le Seeing Ireland. Tabharfar deis d’amharcóirí iad féin a bhá sa tréimhse ar leith sin: léargas ar an méid a bhí Éire ag iarraidh go bhfeicfeadh an domhan.”

Seinnfidh an grúpa ceoil ‘We’re Not Together’ bailiúchán de phíosaí ceoil ó chomhdháil na bliana 1922 ag seoladh an imeachta tráthnóna (5.00pm-6pm) i Mol an tSeomra Fhada. Tabharfaidh Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Ambasadóir na Fraince chun na hÉireann, H.E. Vincent Guérend aithisc mar chuid den imeacht freisin. Beidh plé ar siúl idir na healaíontóirí Mick O’Dea agus Sinéad Ní Mhaonaigh freisin. Déanfar an t-imeacht seo a bheoshruthú mar sheimineár gréasáin do lucht féachana ar líne. Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar an seimineár gréasáin ar líne: https://trinitylongroomhub-ie.zoom.us/webinar/register/WN_jPsXdnfsQE2Fd_dFly9pHg

Rinneadh Seeing Ireland: 1922 a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Taighde na hEalaíon agus na nDaonnachtaí, Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide; An tIonad Taighde um Ealaín na hÉireann, Coláiste na Tríonóide; Ollscoil Notre Dame agus Centre Culturel Irlandais. Cuireadh maoiniú ar fáil faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha tuilleadh tacaíochta ar fáil. Is tionscadal leanúnach atá i láithreán gréasáin Seeing Ireland agus cuirfear ábhar nua leis i rith na bliana 2022.