An tairbhe atá le hoideachas dátheangach

D’fhéadfadh buntáiste a bheith le hoideachas dátheangach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu de réir mar a deir na daoine a bhfuil plé phoiblí ar an oideachas dátheangach á eagrú acu i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Déardaoin, an 3 Bealtaine 2018 ag 18.45 i.n.

Cuirfidh daoine den lucht léinn agus saineolaithe ar chúrsaí oideachais ábhar machnaimh agus torthaí a gcuid taighde i láthair maidir leis an oideachas dátheangach do leanaí a bhfuil deacrachtaí urlabhra, teanga agus cumarsáide acu i ndáil go háirithe le hoideachas trí Ghaeilge agus le hoideachas Gaeltachta. Déanfar plé níos ginearálta maidir leis an oideachas dátheangach freisin ag an ócáid atá á heagrú ag an Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism i gcomhar le Gaeloideachas — an eagraíocht ionadaíochta náisiúnta thar ceann scoileanna Gaeilge ar leibhéal na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta araon, scoileanna Gaeltachta san áireamh.

Tá méadú seasta ag teacht ar líon na leanaí in Éirinn atá ag fás aníos le dhá theanga nó níos mó ná sin sa teach nó taobh istigh de thimpeallacht na scoile, mar a mhíníonn an Dr Francesca La Morgia, Ollamh Cúnta le Staidéar Cliniciúil ar Urlabhra agus Teangacha i gColáiste na Tríonóide, an saineolaí ar chúrsaí dátheangachais atá i mbun comhordúcháin ar Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism.

“Is fairsinge agus is forleithne anois an saothar taighde atá ar fáil arb é is léir uaidh gur córas tairbheach oideachais an t-oideachas dátheangach do leanaí le riachtanais speisialta oideachais de chineálacha éagsúla, ina measc leanaí a bhfuil uathachas, disléicse, diospraicse nó Siondróm Down acu. Is iomaí buntáiste a chuirtear ar fáil don leanbh le hoideachas trí mheán na Gaeilge in Éirinn, agus le hoideachas dátheangach de chineálacha eile, ina measc líofacht agus litearthacht i dhá theanga; muinín agus mothú sainiúlachta níos tréine agus gnóthachtáil cognaíochta agus oideachais níos fearr. Tá na buntáistí sin ar fáil do gach leanbh, leanaí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh.”

“Is é an trua, mar a tharlaíonn, oiread den mhíthuiscint agus den iomrall scéil faoin oideachas dátheangach ar leanaí le riachtanais speisialta agus go bhfágann sin cineál oideachais a d’fhéadfadh a bheith tairbheach dóibh á shéanadh ar na leanaí sin. Rud coitianta ag tuismitheoirí imní a bheith orthu go bhféadfadh timpeallacht dhátheangach mearbhall a chruthú agus tuilleadh moille maidir le cúrsaí teanga a thiocfadh dá bharr. Os a choinne sin, is é is léir ón bhfianaise gur féidir le tumoideachas teanga timpeallacht foghlama níos saibhre a chur ar fáil don leanbh ach na bearta cúnta cuí a bheith i bhfeidhm. Léirítear le torthaí taighde go mbaineann leanaí dátheangacha a bhfuil deacrachtaí foghlama acu an leibhéal céanna amach a bhaineann a gcomhaoiseanna aonteangacha, ach bíonn scileanna teanga ag leanaí dátheangacha ag fágáil na scoile dóibh nach mbíonn ag na leanaí aonteangacha.”

Ar na cainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid phoiblí seo atá saor in aisce, beidh an tOllamh Ianthi Tsimpli, Ollscoil Cambridge; an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; an Dr Ciara O’Toole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; an Dr Maria Garraffa, Ollscoil Heriot-Watt agus Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, gaelscoil ina bhfuil dhá aonad ASD. Beidh an Dr La Morgia as Coláiste na Tríonóide ina Cathaoirleach.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais: “Ar cheann de na míthuiscintí a bhíonn ar dhaoine maidir le hoideachas trí Ghaeilge, síltear nach mbíonn leanaí le riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna Gaeilge nó go deimhin nach mbeidís in ann feidhmiú i scoil ina dtarlaíonn an obair ar fad trí Ghaeilge. Is eol, os a choinne sin, ón taighde a rinneadh sa tír seo agus i dtíortha thar lear agus ónár dtaithí féin ag plé le scoileanna agus le tuismitheoirí, nach amhlaidh an cás agus ba mhaith linn tuismitheoirí a chur ar a suaimhneas mar gheall ar an gceist sin. Tá leanaí a bhfuil riachtanais bhreise éagsúla acu go mór le feiceáil ar fud na scoileanna Gaeilge agus is léir ón ábhar taighde go n-éiríonn chomh maith céanna leis na leanaí seo i dtimpeallacht dhátheangach agus a dhéanfadh i scoil Bhéarla agus, i gcás cuid mhaith leanaí, iadsan a bhfuil uathachas orthu san áireamh, go bhféadfadh gur fearr an rogha an t-oideachas dátheangach.”

Tá an ócáid á cur ar siúl mar chuid de chlár lae maidir leis an dátheangachas atá á eagrú ag an Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism. Níos luaithe sa lá, tabharfaidh an tOllamh Ianthi Tsimpli as Ollscoil Cambridge aitheasc aoi-chainteora ag a 1 i.n. i Mol an tSeomra Fhada, Coláiste na Tríonóide faoi leanaí ilteangacha i gcomhthéacs beagdheise le haird faoi leith ar obair taighde maidir leis an litearthacht, an uimhearthacht agus an chognaíocht i leanaí bunscoile san India.

Déanfaidh an tOllamh Tsimpli plé sa léacht phoiblí seo ar an mbuntáiste a fhéadann a bheith as an ilteangachas maidir le cúrsaí teanga agus cognaíochta agus tabharfaidh sí tuairisc ar réamhthorthaí áirithe ó thionscadal mórscála maidir le leanaí bunscoile san India lenar díríodh ar thascanna uimhearthachta agus cognaíochta agus ar réasúnaíocht sa mhatamaitic d’fhonn tuiscint a fháil ar an ról atá le teanga an teagaisc i gcomhthéacs díothacht thromchúiseach socheacnamaíochta.

Tá eolas breise agus sonraí clárúcháin maidir leis an gclár lae, arna eagrú ag an Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism, ar fáil ach cliceáil anseo: https://childbilingualismresearch.com/may-2018-meeting/