Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo Baile

Eolas faoi Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha

Fáilte chuig Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha. Déanann an Scoil taighde agus tugann sí faoi theagasc ar gach gné den domhan nádúrtha, ó fhoirmiú an domhain, go hiompraíocht na timpeallachta, éabhlóid agus éiceolaíocht a chuid orgánach, agus an idirghníomhaíocht idir é agus an tsochaí daonna. Trínár dteagasc, taighde agus comhpháirtíocht le tionscal, agus forbairt beartais go náisiúnta agus ar fud an domhain, táthar ag obair chun réiteach a fháil ar roinnt de na mórdhúshláin atá os comhair na sochaí. Na Disciplíní seo a leanas atá sa Scoil: an Luibheolaíocht, an Tíreolaíocht, an Gheolaíocht agus an Zó-eolaíocht mar aon le dhá lárionad taighde. Tá thart ar 40 ball foirne acadúil againn, 25 ball foirne tacaíochta, 20 comhalta taighde iardhochtúireachta agus níos mó ná 100 mac léinn taighde iarchéime. Tá ioncam taighde bliantúil níos mó ná €4 mhilliún againn agus tairgtear 150 foilseachán ar an meán in aghaidh na bliana. Cuireann an Scoil ocht gcúrsa fochéime agus trí chúrsa máistreachta múinte ar fáil chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil ar ghnéithe uile na Scoile ar na leathanaigh seo trí dhul tríd na roghchláir ar thaobh na láimhe clé den scáileán.

An Dr Patrick Wyse Jackson
Ceann Scoile