Roinn na Máinliachta
Tá Roinn na Máinliachta, TCD, scaipthe ar fud trí láithreán; Ospidéal San Séamas, Ospidéal Thamhlachta agus Ospidéal Ginearálta an Náis.
An tOllamh Kevin Conlon Ceann an Aonaid Máinliachta Teagaisc in Ospidéal Thamhlachta (Ospidéal an Adelaide agus na Mí, Ospidéal Náisiúnta na Leanaí san áireamh - AMiNCH). Is aonad Ginearálta agus Soithíoch gnóthach é ag a bhfuil sainleas i Máinliacht HPB, Ghastraistéigeach Uachtair, Cholaireicteach agus Shoithíoch. Tá rannóga gnóthacha Ortaipéideacha (Tráma agus Roghnach), Úireolaíochta, Raideolaíochta, Ainéistéitice/ICU, ENT agus Oftailmeolaíochta ann freisin.
Tá Roinn na Máinliachta in Ospidéal Ginearálta an Náis comhdhéanta de raon Máinliachta Ginearálta agus de speisialtóireachtaí san Ortaipéidic Othar Seachtrach, san Úireolaíocht agus de speisialtachtaí gaolmhara eile.
Is éard is máinliacht ann cóireáil a chur ar ghalair agus ar riochtaí máinliachta trí obráid. Éilítear ar an mac léinn fochéime eolas leathan a chur ar ról na máinliachta agus a bheith ar an eolas faoi phrionsabail ghinearálta máinliachta agus tuiscint a bheith acu ar obráidí agus ar riochtaí máinliachta. I ndiaidh oiliúint réamhchliniciúil agus ag deireadh na tríú bliana, déanann mic léinn i nDámh an Leighis i gColáiste na Tríonóide cleachtadh cliniciúil in Ospidéal San Séamas agus in Ospidéal AMNCH araon. Féadfaidh líon teoranta mac léinn as Éirinn agus as tíortha eile freastal ar cheachtar den dá ospidéal do chleachtadh roghnach cliniciúil le linn a gcuid oiliúna.