Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Roinn na Péidiatraice

Tá stair fhada saineolais ag Roinn na Péidiatraice in Ollscoil Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide  maidir le hoiliúint a chur ar ghairmithe cliniciúla. Tá an príomhospidéal teagaisc péidiatraice (an tOspidéal Náisiúnta Leanaí) de chuid Ollscoil Átha Cliath ar an ospidéal teagaisc péidiatraice is sine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Chun oiliúint a chur ar mhic léinn leighis a bunaíodh an tOspidéal.  Aithnítear an traidisiún atá aige maidir leis an scoth sa teagasc péidiatraice. Tugann  Coláiste Ríoga na Lianna aitheantas dó as oiliúint i bpéidiatraic do chláraitheoirí sinsearacha. Tá ceangal ag an Ospidéal Náisiúnta Leanaí le hOllscoil Átha Cliath le fada, ó 1821, agus is ann atá ollúnacht na péidiatraice ó 1960. Is tríd an stair fhada den scoth sa teagasc cliniciúil a chuireann Roinn na Péidiatraice teagasc fochéime agus iarchéime sa leigheas ar fáil, lena n-áirítear Máistir Eolaíochta sa Phéidiatraic agus Clár Dochtúireachta sa Phéidiatraic.

Tá Roinn na Péidiatraice lonnaithe in Ionad Eolaíochtaí Sláinte na Tríonóide, AMNCH, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.