Roinn na hImdhíoneolaíochta
Cuireann Roinn na hImdhíoneolaíochta (Scoil an Leighis) seirbhís imdhíoneolaíochta cliniciúil agus diagnóisí ar fáil d’Ospidéal San Séamas agus d’Ospidéal Thamhlachta. Tugann faoi thaighde saotharlainne ar bhun-imdhíoneolaíocht agus ar imdhíoneolaíocht chliniciúil agus múintear bun-imdhíoneolaíocht agus imdhíoneolaíocht chliniciúil ag leibhéal céime agus fo-chéime. Tá 10 mac léinn PhD agus 2 thaighdeoir iar-dhochtúireachta ag tabhairt faoi thaighde ar bhitheolaíocht chealla an chórais imdhíonachta agus an ceangal atá ann le hothair a mbíonn an galar céiliach, soithíochaíteas uath-imdhíonachta, easpa imdhíonachta, ionfhabhtú VEID agus ailse ag dul dóibh. Tugtar léachtaí i Roinn na hImdhíoneolaíochta chomh maith le tabhairt faoi thionscadail taighde saotharlainne ar imdhíoneolaíocht agus sláinte domhanda do mhic léinn fochéime atá ag tabhairt faoi leigheas (bliain 1,2,3 agus 5) agus faoi eolaíocht (Céimeanna Modhnóireachta BA i Micribhitheolaíocht, Leigheas Móilíneach agus Sláinte an Duine agus Galair) agus do mhic léinn iarchéime faoi cheithre chlár MSc (Leigheas Móilíneach, Paiteolaíocht Mhóilíneach, Oinceolaíocht agus Imdhíoneolaíocht Aistritheach). Cuidíonn an Roinn freisin le hoiliúint a chur ar mhic léinn faoi 3 chlár PhD struchtúrtha agus faoin Roinn tá triúr mac léinn MSc atá ag ceapadh bithchomharthaí sóirt ar leith ar ghalar tógálach agus uath-imdhíonachta.