Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Menu Search

Seachtain na Gaeilge 2017 sa Seomra Fada

TCD MS 10878/L/2/1 Cré na Cille (An chéad eagrán, 1949)
TCD MS 10878/L/2/1
Cré na Cille (An chéad eagrán, 1949)

Beidh taispeántas beag lámhscríbhinní Chré na Cille le Máirtín Ó Cadhain le feiceáil sa Seomra Fada, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, ar feadh Seachtain na Gaeilge 2017 (1-17ú Márta). Tá cóip phearsanta Chré na Cille an gCadhnach le fheiceáil – an chéad eagrán atá i gceist – agus an leabhar lán le ceartúcháin i lámh an gCadhanach. Foilsíodh an dara chló i 1965. Seans go raibh sé i gceist go gcuirfí na h-athraithe sin isteach sa dara chló, ach níor cuireadh.

Chomh maith leis an leabhar, tá dréacht-leathanaigh ceartaithe ó Chré na Cille i lámh an gCadhanach. Is féidir na héagsúlachtaí téacsúil idir an t-eagrán a foilsíodh agus an dréacht a fheicéail, agus mar sin is féidir a stíl scríbhneoireachta a thabhairt faoi deara.

Buailaigí isteach!

Caoimhe Ní Ghormáin