Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Menu Search

Lámhscríbhinní Mháirtín Uí Chadhain: dearcadh an taighdeora

Thug mé cuairt ar Sheomra na Lámhscríbhinní i Leabharlann Choláiste na Tríonóide don chéad uair i dtús mhí Iúil 2008. Alt a bhí á scríobh agam ag an am ar Mháirtín Ó Cadhain agus bailiú an bhéaloidis a thug ann mé. Sarar chríochnaigh mé an t-alt seo, theastaigh uaim sracfhéachint a thabhairt ar pháipéir neamhfhoilsithe an Chadhnaigh. Ní raibh mé ag gabháil ró-fhada do chomhaid éagsúla sa chnuasach ollmhór seo nuair a thuig mé go mbeadh orm m’alt a athscríobh ó bhonn: is é sin le rá, thuig mé nach foláir féachaint ar scríbhinní neamhfhoilsithe Uí Chadhain (maraon lena scríbhinní foilsithe) chun pictiúir iomlán a fháil ar dhearcadh an Chadhnaigh i leith bhailiú an bhéaloidis agus an bhéaloidis trí chéile (agus i leith go leor, leor nithe eile chomh maith).

TCD MS 10878/M/3/1. Leabhair cleachtaithe a bhí ag MÓC i gCampa an Currach, 1940í.
TCD MS 10878/M/3/1. Leabhair cleachtaithe a bhí ag MÓC i gCampa an Currach, 1940í.

An samhradh úd agus mé ag féachaint ar chlár na bpáipéar seo, is iomaí rud ar chuir mé spéis ann seachas nithe a bhain le béaloideas, agus d’órdaigh mé scata comhad nár bhain in aon chor leis an alt a bhí idir lámha agam. Ní hamháin sin, thosaigh mé ag breacadh lear mór nótaí ar aon ní ar chuir mé suim ann.

Tá spéis agam i Máirtín Ó Cadhain ó bhíos i lár na ndéaga agus sarar thug mé turas ar an gcnuasach seo cheap mé go raibh eolas maith agam ar an údar. Ach ba oscailt súl dom na páipéirí seo: an réimhse leathan ábhair a bhí  iontu agus an léargas nua ar an bhfear agus ar a shaothar.

TCD MS 10878/M/3/1. Leabhair cleachtaithe a bhí ag MÓC i gCampa an Currach, 1940í.
TCD MS 10878/M/3/1. Leabhair cleachtaithe a bhí ag MÓC i gCampa an Currach, 1940í.

Chríochnaigh mé an t-alt úd agus foilsíodh é an bhliain dar gcionn (faoin teideal ‘”Is fearr an tAighneas ná an tUaigneas”: Mairtín Ó Cadhain agus Bailiú an Bhéaloidis’, Bliainiris 9/2009, lgh 7─49). Ar feadh tamaill bhí mé ag beartú leabhar a scríobh ar ‘Ó Cadhain agus an Béaloideas’, ach is dóigh liom anois go mbeidh an leabhar níos leithne ná sin, go gclúdóidh sé a dhearcadh ar ghnéithe den stair agus de litríocht na hÉireann chomh maith, agus ar bhunús a shár-úrscéil, Cré na Cille, ábhar taighde a bhfuil spéis ar leith agam ann.

TCD MS 10878/L/2/1: Cré na Cille. Sáirséal agus Dill, BÁC (1949): An chéad eagrán, lán le ceartúcháin i lámh MÓC.
TCD MS 10878/L/2/1: Cré na Cille. Sáirséal agus Dill, BÁC (1949):
An chéad eagrán, lán le ceartúcháin i lámh MÓC.

Toisc go bhfuil cónaí orm thar lear, is obair mhall (ar mo chuairteanna go hÉirinn)  bheith ag gabháil do na páipéir seo agus bheith ag breacadh nótaí iomadúla astu, ach is obair shásúil í chomh maith. I samhradh na bliana 2008, tar éis dom sracfhéachaint a thabhairt ar go leor léachtanna  neamhfhoilsithe leis an gCadhnach scríobhas an méid seo i leabhar nótaí:

‘Is mór an phribhléid dom bheith in ann gabháil trí na páipéirí seo. Nuair a bheidh teacht ag scoláirí níos mó orthu, agus níos mó díobh foilsithe, beidh gá go leor gnéithe de shaol, de mheon, srl an Chadhnaigh a athscríobh, gan trácht [ar ár dtuiscint] ar a shaothar.’

Um an dtaca sin, ní raibh clár an chnuasaigh iomlán réidh. Tá anois, agus le fada an lá, ach is fánach go fóill tagairtí don gcnuasach seo ag scoláirí na Gaeilge in gcuid foilseachán. Ní ceart go mbeadh an scéal amhlaidh.  Tá meitheal scoláirí ag teastáil chun triall ar an tobar iontach seo, tobar chomh draíochtúil le ‘tobar dheire an domhain’ scéalta gaisce óige Uí Chadhain (féach Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, 8).

TCD MS 10878/M/4/20. Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, Clóchomhar, BÁC (1969). Píosa de dhréacht leathchríochnaithe, ag tosú: 'ndéarfaidh agus céard nach ndéanfaidh na daoine atá faoi thrácht agam … '.
TCD MS 10878/M/4/20. Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, Clóchomhar, BÁC (1969). Píosa de dhréacht leathchríochnaithe i lámh MÓC.

Mícheál Briody

Helsinki, 16 Samhain 2016