Mionsonraí Teagmhála na Seirbhísí TF
Deasc Freastail TF
Ba cheart gach ceist theicniúil nó tacaíochta a chur chuig an Deasc Freastail TF amháin.
- Luan - Dé hAoine: 9:00am - 5:00pm
Is féidir ceisteanna ar líne agus ar ríomhphost a chur ar aghaidh am ar bith ach ní bhfaighidh tú freagra orthu ach le linn gnáthuaireanta oibre, nó an lá oibre dár gcionn má sheoltar lasmuigh de ghnáthuaireanta iad.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an deasc freastail ar cheann de na bealaí seo a leanas.
Ar Ríomhphost
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an deasc freastail ag itservicedesk@tcd.ie. Déan cinnte go líonfaidh tú líne an 'Ábhair' nuair a bheidh ríomhphost á sheoladh agat.
SEOL RÍOMHPHOST CHUIG AN DEASC FREASTAIL
Ar ask.tcd.ie
Is féidir leas a bhaint as an tairseach ask.tcd.ie chun fiosruithe a dhéanamh agus chun súil a choinneáil ar stádas fiosruithe reatha leis an Deasc Freastail TF.
- Téigh chuig http://ask.tcd.ie
- Logáil isteach le d'ainm úsáideora agus pasfhocal Choláiste na Tríonóide.
- Roghnaigh 'Déan Fiosrú a Logáil'
- Roghnaigh 'Saincheist Seirbhíse TF' ó chlár na gcatagóirí
- Cuir isteach 'Teideal agus Cur Síos' d'fhiosraithe san fhuinneog 'Sonraí an Fhiosraithe'
- Cliceáil ar an gcnaipe 'Logáil Anois'
Ar an bhfón
Is féidir teagmháil a dhéanamh le lucht na deasca freastail ar (+353-1) 896 2000.
Ar Chomhrá ar Líne
Is féidir le ball foirne agus le mic léinn leas a bhaint as an tseirbhís comhrá ar líne atá againn chun labhairt le gníomhaire deasca freastail TF a chabhróidh leat le do cheist TF.
Téigh chuig tcd.ie/itservices/help/chat/, líon amach an fhoirm le d'ainm, seoladh ríomhphoist de chuid Choláiste na Tríonóide, d'uimhir foirne / mic léinn agus ansin cliceáil ar an gcnaipe 'Déan Teagmháil le Comhrá ar Líne na Deasca Freastail TF'.
Nuair a chuirfidh tú an fhoirm ar aghaidh, osclófar an comhrá ar líne i bhfuinneog nua.
Nóta maidir leis an tseirbhís Comhrá ar Líne: Mura bhfuil tú nasctha le líonra an Choláiste (ar an gcampas nó ar VPN), iarrfar ort Ainm Úsáideora an Choláiste atá agat agus do Phasfhocal Líonra Gréasáin a chur isteach sula mbeidh rochtain agat an t-ábhar thuas a fheiceáil.
I láthair
Dé Luan/Dé Chéadaoin/ Dé hAoine: 9:00 am - 1:00pm
Dé Mháirt/De Déardaoin: 2:00pm - 5:00pm
Sonraí Teagmhála Riaracháin
- Ríomhphost
- Fón
- (+353-1) 896 1707
- Facs
- (+353-1) 671 1181
- Tríd an bPost
- o Seirbhísí TF, 200 Sráid an Phiarsaigh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Bainistíocht Shinsearach Sheirbhísí TF
- Patrick Magee - Stiúrthóir, Seirbhísí TF
- Lee Mills - Ceann Tacaíochta Lárnaí agus Dáilte
- Dr. Geoff Bradley - Ceann Seirbhísí Acadúla, Nuálaíochta agus Ardán Digiteach
- Helen O’Hara - Ceann Seirbhísí Bainistíochta