Fáilte chuig an Oifig Cóiríochta
Breis agus 1,700 áit chónaithe atá ag Coláiste na Tríonóide, a ndéanann an Oifig Lóistín iad a bhainistiú agus a riar. Tá 690 áit díobh seo le fáil ar an bpríomhchampas agus an 1,014 eile i Halla na Tríonóide i nDartraí, Baile Átha Cliath.
Cuirtear lóistín ar fáil do bhaill foirne acadúla agus do mhic léinn araon. Lena chois sin, tugann an Oifig Lóistín aire do roinnt bheag seomraí do chuairteoirí a thagann go dtí an Coláiste le haghaidh gnó oifigiúil.
Féachtar le turasóirí agus daoine eile a thagann ar cuairt go Baile Átha Cliath a mhealladh chuig an bpríomhchampas sa samhradh. Tá eolas ina thaobh seo ar fáil ar www.tcd.ie/visitors.
Cuireann beirt oifigeach sa Choláiste lóistín na mac léinn ar fáil do dhaoine. Is iad sin Cláraitheoir na Seomraí, atá freagrach as seomraí ar an gcampas a dháileadh ar dhaoine, agus Maor Halla na Tríonóide. Aontaíonn an bheirt acu seo plean leithdháilte do lóistín na mac léinn. Déantar briseadh síos sa phlean sin ar líon iomlán na seomraí atá ar fáil, an áit a bhfuil na seomraí agus an líon seomraí a chuirfear ar fáil do mhic léinn lánaimseartha de chineálacha éagsúla. San áireamh ansin tá scoláirí de chuid an Choláiste, mic léinn idirnáisiúnta, mic léinn fochéime de chuid na chéad bhliana agus na bliana deiridh, mic léinn iarchéime, mic léinn atá páirteach i saol an Choláiste agus mic léinn a dteastaíonn cúnamh ar leith uathu de bharr cúinsí leighis, cúinsí sóisialta nó cúinsí eile a bhaineann le hábhar.
Sa chás gur mó an t-éileamh ó ghrúpa mac léinn (seachas scoláirí a gcuirtear lóistín ar fáil dóibh go huathoibríoch) ná líon na seomraí a cuireadh ar fáil don ghrúpa sin, déantar rangú ginearálta ar na hiarratais ar lóistín agus ansin má bhíonn an iomarca iarratasóirí fós ann, roghnaítear daoine go randamach de réir uimhreach.
Iarrtar ar mhic léinn iarratas a dhéanamh ar sheomraí don chéad bhliain acadúil eile le linn tréimhse 4 seachtaine i mí Feabhra/Márta gach bliain. Iarrtar ar mhic léinn iarratas a dhéanamh ar sheomraí chomh luath agus a ghlactar leo i gColáiste na Tríonóide. I gcás iarratasóirí Choláiste na Tríonóide a fhaigheann a dtairiscint trí chóras an CAO, ba cheart dóibh sin iarratas a dhéanamh chomh luath agus a fhaigheann siad tairiscint ar áit.
Is i dTeach Regent, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2, atá an Oifig Lóistín lonnaithe. Bíonn an oifig fáilte ar oscailt Luan go hAoine (seachas Laethanta Saoire Poiblí) ón 8.30rn go dtí an 13.00in agus ón 14.00in go dtí an 17.00in. Tá oifig fáilte áitiúil i nDartraí freisin, áit a mbíonn fáil ar bhaill foirne i gcaitheamh an lae.