Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



You are here Email Archive

Update from the Provost to students

27 August 2021

Dear Students,

I am writing to you today about the return to campus. I know the pandemic is hard and you have been significantly disrupted. Many of you have never had a proper College experience yet. I also know you are all eager to find out what will happen in the coming academic year.

We have signed off on the general regulations around our return to campus and I have just now circulated this document to staff. It is a document based on broad consultation across College, including student and staff representatives, as well as input from our health and safety experts.

If you want to read this document in full, you can access it here.

The key points in this document are:

  • Trinity will open from September 6th. We are adopting a two-phased approach, starting out cautiously in the first half of the new semester. This will mean that there are limits to in-person learning. Each School is figuring out what is possible within the social distancing limits. 
  • Library and study spaces will remain socially distanced, bookable and time limited. You will however be free to come and go on campus and the document outlines the kind of events that will be taking place. So while there are limits, I do believe we will see the campus start to come back to life. 
  • We aim to relax regulations further after reading week on November 1st so that your overall experience of the new semester will be much more fulfilling. 

I know many of you will be disappointed that we are starting out with caution and you may rightly ask why we are being more cautious than some other institutions. A lot has to do with our location and layout as a campus. Given that our main campus is compact and contained within the city centre, that other Trinity locations have similar space constraints and are also in urban settings and given the distribution of residences across the main campus, we and our public health experts feel this is the right approach. 

I also know that there are many of you who are anxious about the return to campus and want to be sure it is safe to do so. I feel that the document outlines a balance between the desire for more on-campus experiences with the need to ensure the health and wellbeing of our community.

I very much look forward to seeing you around Trinity, talking to you and beginning our journey back to something better together.

Regards,

Linda Doyle 

Provost

 

A mhic léinn, a chairde,

Tá mé ag scríobh chugaibh inniu maidir le filleadh ar an gcampas. Tá a fhios agam go bhfuil an phaindéim crua agus gur cuireadh isteach go mór oraibh. Tá go leor agaibh nach raibh eispéireas Coláiste cuí agaibh go fóill. Tá a fhios agam freisin go bhfuil fonn oraibh go léir a fháil amach cad a tharlóidh sa bhliain acadúil romhainn.

Tá na rialacháin ghinearálta a bhaineann lenár bhfilleadh ar an gcampas aontaithe againn agus tá an cháipéis sin scaipthe anois díreach agam ar an bhfoireann. Is cáipéis í atá bunaithe ar chomhairliúchán leathan ar fud an Choláiste, lena n-áirítear ionadaithe mac léinn agus foirne, chomh maith le hionchur ónár saineolaithe sláinte agus sábháilteachta.

Más mian leat an cháipéis seo a léamh ina iomláine, is féidir teacht uirthi anseo.

Is iad seo a leanas na príomhphointí sa cháipéis seo:

  • Osclóidh Coláiste na Tríonóide ón 6 Meán Fómhair. Tá cur chuige dhá chéim á ghlacadh againn, ag tosú amach go cúramach sa chéad leath den seimeastar nua. Ciallóidh sé sin go mbeidh teorainn leis an bhfoghlaim i bpearsa. Tá gach Scoil ag oibriú amach cad is féidir a dhéanamh laistigh de na teorainneacha maidir le scaradh sóisialta.
  • Bainfidh scaradh sóisialta, cur in áirithe agus teorainn ama go fóill le spásanna Leabharlainne agus staidéir. Beidh tú in ann teacht agus imeacht ar an gcampas, áfach, agus leagtar amach sa cháipéis na cineálacha imeachtaí a bheidh ar siúl. Mar sin, cé go mbeidh teorainneacha i gceist, creidim go bhfeicfimid tús le níos mó gníomhaíochta ar an gcampas.
  • Tá sé mar aidhm againn tuilleadh maolaithe a dhéanamh ar na rialacháin i ndiaidh sheachtain na léitheoireachta ar an 1 Samhain ionas go mbeidh an t-eispéireas iomlán a fhaigheann tú ar an seimeastar nua i bhfad níos sásúla.

Tá a fhios agam go mbeidh díomá ar a lán agaibh go bhfuilimid ag tosú amach go cúramach agus d’fhéadfadh go mbeadh sibh ag ceistiú, agus an ceart agaibh, cén fáth go bhfuilimid níos cúramaí ná roinnt institiúidí eile. Baineann a lán de lenár suíomh agus leis an leagan amach atá ar an gcampas. Ós rud é go bhfuil ár bpríomhchampas dlúth agus go bhfuil sé i lár na cathrach, go bhfuil srianta spáis den chineál céanna i gceist le láithreacha eile de chuid Choláiste na Tríonóide agus go bhfuil siad i suíomhanna uirbeacha chomh maith, agus bunaithe ar dháileadh na n-áiteanna cónaithe ar fud an phríomhchampais, táimidne agus ár saineolaithe sláinte poiblí den tuairim gurb é seo an cur chuige ceart.

Tá a fhios agam freisin go bhfuil go leor agaibh atá imníoch mar gheall ar fhilleadh ar an gcampas agus go dteastaíonn uaibh a bheith cinnte go bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh. Measaim go dtugann an cháipéis cuntas ar chothromaíocht idir an mhian atá ann níos mó eispéireas a chur ar fáil ar an gcampas agus an gá atá le sláinte agus le folláine ár bpobail a chinntiú.

Tá mé ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil i gColáiste na Tríonóide, le bheith ag labhairt libh agus le tús a chur lenár dturas ar ais chuig rud éigin níos fearr le chéile.

Le dea-ghuí,

Linda Doyle 

Propast