Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Dioplóma sa tSean-Ghaeilge

Aidhmeanna

Tá sé d'aidhm ag an gcúrsa seo bunús láidir a thabhairt do chéimithe in ábhair chomhghaolmhara i dteanga agus i litríocht na Sean-Ghaeilge.

Tá lámhleabhar don chúrsa ar fáil anseo.

Faid

Maireann an cúrsa ar feadh dhá leath-bhliain d'aon bhliain acadúil amháin, ag tosú Mí Deireadh Fómhair, agus is cúrsa staidéir lán-aimseartha é. Meastar iarrthóirí le scrúdú ina bhfuil dhá pháipéar, trí uair an chloig an ceann.

Iarratais

  • Ní ghlactar le hiarratais, de ghnáth, ach ó dhaoine le hiarchéim mhaith onóracha in ábhar comhghaolmhar ar nós Nua-Ghaeilge nó teanga Cheilteach eile, teangacha, litríocht nó stair na meánaoise, nó seandálaíocht.
  • Ní mór iarratais iontrála a sheoladh faoi bhráid Dhéin na Staidéar Iarchéime roimh 30 Meitheamh sa bhliain ina lorgaítear iontráil.
  • Glacfar le mic léinn gach ré-bhliain. 2021/22 an chéad tráth eile.

Obair chúrsa

Beidh sé uair an chloig teagmhála i gceist sa seachtain, mar a leanas:

  • Uraiceacht Sean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
  • Ranganna Teagaisc sa tSean-Ghaeilge (2 uair an chloig).
  • Litríocht na Sean-Ghaeilge, léitheoireacht sa véarsaíocht liriciúil san áireamh (1 uair an chloig).
  • Gluaiseanna Sean-Ghaeilge agus scéalaíocht (1 uair an chloig).