Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Dámh na nEolaíochtaí Sláinte


Réamhrá


Tá Dámh na nEolaíochtaí Sláinte ar cheann de na trí dhámh in Ollscoil Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide. Ba é an chéad Dhámh Eolaíochtaí Sláinte é sna hoileáin seo agus anois tá Ollscoileanna eile na hÉireann ag déanamh amhlaidh. Faoin idirdhisciplíne seo is féidir oideachas agus oiliúint a chur ar raon iomlán an phearsanra cúraim sláinte in aon Dhámh lánpháirtithe amháin. Is í an tOllamh Mary McCarron Déan reatha na Dáimhe.


Fáilte ón Déan

Ba mhaith liom fáilte a chur romhat chuig na Scoileanna éagsúla i nDámh na nEolaíochtaí Sláinte; chuig Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Scoil na Cógaisíochta, Scoil na hEolaíochta Déadaí agus Scoil an Leighis. Is mar gheall ar an tsuim atá agat i gceann de na Scoileanna sin a bhfuil cuairt tugtha agat ar an láithreán gréasáin agus is anseo a gheobhaidh tú an t-eolas atá uait.


Mholfainn duit freisin féachaint ar eolas ar láithreáin ghréasáin na Scoileanna féin.

  • Ionad ceannaireachta domhanda maidir le leigheas acadúil í Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide, atá 300 bliain d'aois.
  • Is ionad barr feabhais maidir le cúram othar, oideachas agus taighde é Ospidéal Déadach Bhaile Átha Cliath de chuid na hOllscoile, agus cuireann sé le taithí foghlama na mac léinn agus le cúram othar ar bhealach lánpháirtithe agus cothromaithe.
  • Is é Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Cógaisíochta an foras cógaisíochta acadúil is sine in Éirinn agus baintear sármhaitheas amach inti i dteagasc agus foghlaim, in oideachas iarchéime, i dtaighde agus i seirbhís don phobal sna heolaíochtaí cógaisíochta sa bhaile agus ar fud an domhain.
  • Tá Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais rangaithe ar an institiúid is fearr in Éirinn maidir le hoideachas agus taighde altranais agus cnáimhseachais agus níl ach í féin agus scoil amháin eile sa tír ina bhfuil cláir fochéime agus iarchéime i ngach disciplín Altranais (Leanaí, Ginearálta, Míchumas Intleachtúil agus altranas Síciatrach), chomh maith le Cnáimhseachas.


Eolaíochtaí sláinte sinn díreach mar gheall gur ábhair chomhoibríocha agus idirdhisciplíneacha iad sláinte agus cúram sláinte. Bíonn a cuid dúshlán féin ag gach ré den tsláinte agus den chúram sláinte agus tá Dámh na nEolaíochtaí Sláinte i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chun tosaigh maidir le freagra na hÉireann - agus an domhain go deimhin - ar na dúshláin sin. Is amhlaidh an cás sa lá atá inniu ann. Is ar bhuiséid agus ar ghearradh siar a chuirtear an bhéim sna meáin. Tá an chéad Dámh Eolaíochtaí Sláinte sna hoileáin seo bunaithe ag ár Scoileanna agus tá freagraí nua ar dhúshláin sláinte á n-aimsiú againn, go minic trí theacht ar bhealaí nua chun oibriú i gcomhar ar bhealach níos cliste agus chun an cháilíocht cúraim is fearr a sheachadadh, cé go bhfuil níos lú acmhainní againn. Tá na réitigh le fáil trí chaidreamh idirdhisciplíneach a chruthú idir na Scoileanna ar leithligh - sin an rud a dhéanfaidh difear.


Mar dhámh, is éard atá uainn an cháilíocht cúraim is airde is féidir a thabhairt do gach duine; dul i mbun taighde chun teacht ar réitigh nua ar ábhair imní casta ó thaobh na sláinte; torthaí an taighde a úsáid chun cúram cois leapa a fheabhsú, chun fachtórí riosca a bhainistiú, chun galair a chosc, chun téarnamh a éascú agus chun caighdeán beatha a chothabháil; AGUS is éard atá uainn freisin féachaint ar an duine aonair mar dhuine seachas mar ghalar nó siomptóim. Tugaimid aghaidh ar dhúshláin sláinte agus cuirimid leis an scoth agus le traidisiúin Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus le Scoileanna Dhámh na nEolaíochtaí Sláinte.


An tOllamh Mary McCarron