Cúrsaí Tíreolaíochta
Is léir gur mó tábhacht atá le tír eolas i sochaí an lae inniu ná a bhí riamh chun tuiscint a thabhairt dúinn ar dhomhan atá ag síor-athrú.
Ábhar comhtháiteach atá i dTíreolaíocht i gColáiste na Tríonóide a dhíríonn ar an domhan mór. Déanaimid teagasc agus taighde ar fud an disciplín ón Nigéir go dtí an Nua Shéalainn - ó theoiric forbartha go samhaltú cósta, athrú aeráide go dtí mar a oibríonn an geilleagar sóisialta, ag féachaint le dúshlán a thabhairt do mhic léinn go hintleachtúil. Féachtar le taighde den chéad scoth a chothú agus a choinneáil agus teagasc i dtimpeallacht chuiditheach agus chomhghleacúil.
An aidhm atá againn oideachas ar ard-chaighdeán a chur ar mhic léinn i bhfoirm teagasc taighde-bhunaithe. Baineann go leor den taighde a dhéanaimid le mór-dhúshláin i sochaí an lae inniu lena n-áirítear forbairt idirnáisiúnta, athrú sa chomhshaol agus domhandú. Ábhar é Tíreolaíocht ina dtugtar aird ar spás agus ar áit, ar an dúlra agus an tsochaí, ar an am a caitheadh, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht. Disciplín é a thugann aghaidh ar nádúr athraitheach dhúshláin an lae inniu.
Le céim sa Tíreolaíocht beidh:
- Tú ábalta teoiricí, coincheapa, modhanna agus próisis Tíreolaíochta a phlé;
- Eolas mionsonraithe agat ar réimsí speisialtóireachta sa Tíreolaíocht, beidh tú in ann fadhbanna a aithint, anailís a dhéanamh orthu agus iad a réiteach;
- Tú ábalta an t-eolas seo a chur ag obair ar bhealach eolasach agus cuimsitheach, pointí a chur i dtoll a chéile agus seasamh leo, ceisteanna a chur agus a fhreagairt;
- Tú ábalta scileanna agus uirlisí speisialtóireachta a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna casta agus tabhairt faoi thaighde;
- Tú ábalta turgnaimh bailithe sonraí a cheapadh, tuiscint a bhaint as sonraí ábhartha chun cinntí neamhspleácha a chur ar an eolas ar léiriú iad ar shaincheisteanna sóisialta, eolaíochta agus eiticiúla cuí;
- Tú ábalta eolas, smaointe, fadhbanna agus réitigh a chur in iúl do réimse-leathan daoine;
- Tá ábalta tabhairt faoi bhreis-staidéar go neamhspleách