Skip to main content

Trinity College Dublin, The University of Dublin

Trinity Menu Trinity Search



SCRÍBHNEOIRÍ

 



moya-cannon
Tá cúig chnuasach filíochta foilsithe ag Moya Cannon, agus is é Keats Lives (Carcanet) an ceann is déanaí acu. Tá cuireadh faighte aici lena cuid filíochta a léamh in Éirinn, san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus Theas, sa tSeapáin agus san India. Tá díolaimí dátheangacha dá saothar foilsithe sa Spáinnis, sa Phortaingéilis agus sa Ghearmáinis. Ghnóthaigh sí Duais Bhreandáin Uí Bheacháin agus Duais Lawrence O’Shaughnessy, agus is í a bhí mar Ollamh Heimbold le Léann na hÉireann ag Ollscoil Villanova in 2011. Bhí sí ina heagarthóir ar Poetry Ireland Review agus is ball d’Aosdána í.


leontia-flynn
Tá ceithre chnuasach filíochta ó pheann Leontia Flynn foilsithe ag Jonathan Cape. Bhí an ceann is deireanaí acu sin, The Radio(2017), ar an ngearrliosta don T.S. Eliot Prize agus bhuaigh sí Duais Filíochta an Irish Times. Is í a ghnóthaigh an AWB Vincent Literary Award sa bhliain 2014.


hugo-hamilton
Is é Hugo Hamilton a scríobh The Speckled People, cuimhní cinn sárdhíola ar a óige i dteaghlach Gearmánach-Éireannach i mBaile Átha Cliath, i dteach ina raibh cosc iomlán ag a athair réabhlóideach ar labhairt an Bhéarla. Tá naoi n-úrscéal scríofa aige, chomh maith le dhá leabhar dhírbheathaisnéise, cnuasach gearrscéalta agus trí dhráma don stáitse. Ar na duaiseanna idirnáisiúnta atá bainte amach ag a shaothar tá Prix Femina Étranger sa Fhrainc, Premio Giuseppe Berto san Iodáil agus scoláireacht DAAD i mBeirlín. Ball d’Aosdána is ea é agus tá cónaí air i mBaile Átha Cliath. Tá úrscéal nua dá chuid, Dublin Palms, le foilsiú i mbliana.

biddy-jenkinson
Biddy Jenkinson: Táinrith, dán fada bunaithe ar scéal na tána, agus Sceilg na Scál, cnuasach dánta ar cuireadh tús leis ar an Sceilg, an dá leabhar is deireanaí uaithi. Coiscéim a d’fhoilsigh. Faoi láthair tá an tríú cnuasach de scéalta bleachtaireachta – An tAthair Pádraig Ó Duinnín, foclóirí, mar bhleachtaire – á réiteach aici.


caitriona-lally
Bhí Eggshells, an chéad úrscéal a scríobh Caitriona Lally, ar an ngearrliosta don Newcomer Award ag na Bord Gáis Irish Book Awards in 2015, agus ar an ngearrliosta don Kate O'Brien Début Novel Award an bhliain dar gcionn. Bhuaigh sí an Rooney Prize for Irish Literature in 2018. Is í a bhí mar ghné-scríbhneoir ag Starboard Home, ceiliúradh ar Chalafort Átha Cliath sa Cheoláras Náisiúnta in 2016. Foilsíodh saothair dá cuid in The Lonely Crowd, san Irish Times, san Irish Examiner agus i bhfoilseacháin eile. Tá sí ag iarraidh a dara húrscéal a chríochnú faoi láthair.

caitriona-ni-chleirchin
Is file, criticeoir agus léachtóir í Caitríona Ní Chléirchín. Is as Gort na Móna, Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin ó dhúchas í. Bhuaigh a céad chnuasach Crithloinnir duais an Oireachtais do scríbhneoirí úra sa bhliain 2010 agus bhuaigh a dara cnuasach An Bhrídeach Sí (2014) duais Michael Hartnett i 2015. Thiomnaigh sí a dara cnuasach dá máthair, a fuair bás anuraidh. Foilsíodh filíocht léi in Comhar, Irish Pages, Cyphers, The Stinging Fly, Feasta, Blaiseadh Pinn, The SHOp, An t-Ultach agus An Guth. Scríobhann sí ailt acadúla agus iriseoireachta agus tá níos mó ná fiche léirmheas scríofa aici san Irish Times, in Comhar, in Taighde agus Teagasc agus in irisí eile. Chuir Mícheál Ó Ruairc síos uirthi mar ‘liriceoir nua an ghrá’ sa Ghaeilge in Comhar Nollaig 2010. Chuir Liam Carson a saothar i gcomparáid le saothar an fhile cháiliúil Rúisigh Marina Tsvetaeva, ina léirmheas ar a céad chnuasach in Poetry Ireland Review 104, 2011. D’aimsigh sé ‘more than a few echoes ... of the spectral romanticism of the Russian Silver age’ i bhfilíocht Ní Chléirchín.


ailbhe-ni-ghearbhuigh
Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. D’fhoilsigh Coiscéim na cnuasaigh Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016). The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach a d’fhoilsigh an Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla.


kevin-power
Ollamh Cúnta le Cleachtas Litríochta i Scoil an Bhéarla, Coláiste na Tríonóide, is ea Kevin Power. Is é a scríobh Bad Day in Blackrock (2008), a ndearnadh scannán de sa bhliain 2012 faoin teideal What Richard Did. Is airsean a bronnadh an Rooney Prize for Irish Literature in 2009. Scríobhann sé d’fhoilseacháin éagsúla, ar a bhfuil The Sunday Business Post, Literary Review, The Dublin Review, Los Angeles Review of Books, The Dublin Review of Books, agus The Millions. Foilseoidh Simon & Schuster UK a úrscéal nua, The Confessions, go luath sa bhliain 2020.

Leathanach baile