Baile

Fáilte
Fáilte chuig láithreán gréasáin an Leas-Phropaist/an Phríomhoifigigh Acadúil. Tá an láithreán gréasáin seo leagtha amach mar thairseach chuig eolas faoin tslí a ndéantar riarachán ar thaighde agus ar oideachas sa Choláiste. Cibé acu an mac léinn nó ball foirne tú, nó cuairteoir atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoin gColáiste, tá súil agam go bhfaighidh tú an t-eolas atá uait anseo, nó ar na naisc ghréasáin ghaolmhara atá curtha ar fáil againn.
An Leas-Phropast/An Príomhoifigeach Acadúil
Linda Hogan, An Leas-Phropast/An Príomhoifigeach Acadúil
Oifig an Leas-Phropaist
Tá Oifig an Leas-Phropaist comhdhéanta de na príomhoifigí agus príomhaonaid sa Choláiste atá freagrach as gníomhaíochtaí a chur ar bun chun tacú le hoideachas fochéime agus iarchéime; agus beartas taighde agus acadúil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm; as próisis dearbhú cáilíochta an Choláiste a fhorbairt agus a chomhordú; agus as pleanáil straitéiseach agus nuáil ghaolmhar.