Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Baile

Tá Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide lonnaithe laistigh de champas Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath 8.

Scoil an Leighis, Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Cógaisíochta agus Scoil na Ceimice de chuid Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath (TCD) a bhunaigh Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide (TTMI) i Lárionad Choláiste na Tríonóide ar champas Ospidéal San Séamas (SJH). Beidh ann do TTMI de bharr cónascadh shaotharlanna na hInstitiúide do Leigheas Móilíneach (IMM) agus Sir Patrick Dun (SPD) chun Institiúid shubstainteach a chruthú ina mbeidh os cionn 40 Príomh-Iniúchóir (PI-anna) agus 150 eolaí.

Díreoidh TTMI ar thaighde ar mhíochaine aistritheach do Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus Trinity Health Ireland (THI) a chuimsíonn Ospidéal San Séamas agus Ospidéal Thamhlachta.   

Trí TTMI a chruthú, táthar ag líonadh bearna straitéiseach san acmhainn taighde bithleighis atá ann i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath faoi láthair. Déanfaidh TTMI taighde othar-bhunaithe a chomhdhlúthú thar TCD agus THI, rud a chruthóidh próiseas inmharthana, bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, chun taighde bithleighis aistritheach a chur ar fáil. 
Déanfaidh TTMI nasc idir an buntaighde fionnachtana bithleighis a dhéantar ar phríomhchampas TCD agus an taighde cliniciúil a dhéantar in THI, agus cruthófar leis sin Bealach Forbartha Drugaí Aistritheacha Choláiste na Tríonóide nua.

Teagmháil

Déan Teagmháil Linn
ttmi@tcd.ie 
+353 1 896 3268
Institiúid Leighis Aistrithigh Choláiste na Tríonóide,
Choláiste na Tríonóide do na hEolaíochtaí Sláinte,
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath 8, Éire.