Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Roinn na Socheolaíochta

I 1968 a tosaíodh ag teagasc na socheolaíochta i gColáiste na Tríonóide. Is cuid de Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na Fealsúnachta, ceann de 24 Scoil i gColáiste na Tríonóide, í an Roinn. Is í an t-aon institiúid in Éirinn í a bhfuil áit aici sa rangú 100 Ollscoil Domhanda QSA is Fearr.

Is ceannródaí sa taighde imirce í an Roinn agus speisialaíonn sí i staidéar cine agus coinbhleachta. Áirítear ar shnáitheanna teagaisc agus taighde suntasacha eile fostaíocht agus obair san Eoraip chomh maith le saolta digiteacha agus líonraí sóisialta. Tá roinnt ball foirne rannpháirteach san Institiúid do Léann Imeasctha Idirnáisiúnta (IIIS) agus oibríonn siad i gcomhar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).

Tá ceithre chlár fochéime ar fáil sa Roinn:

An Mhodhnóireacht Dhá Ábhar ina ndéantar staidéar ar an tSocheolaíocht i gcomhar le hábhar amháin eile (TSM); Socheolaíochta agus Beartas Sóisialta ar clár níos praiticiúla agus níos dírithe ar bheartas é (SocSocPol); Gnó, Eacnamaíocht agus Staidéar Sóisialta (BESS); agus Fealsúnacht, Eolaíocht Pholaitiúil, Eacnamaíocht agus Socheolaíocht (PPES).

Tá an Roinn an-bhródúil gur bhuaigh sí dhá Dhámhachtain Teagaisc an Phropaist.

Is i Roinn na Socheolaíochta atá an clár uathúil an MPhil i gCine, Eitneachas agus Coinbhleacht lonnaithe, agus tá clár PhD struchtúrtha aici atá comhdhéanta d'ardoiliúint mhodheolaíoch agus ceardlanna ar scileanna inaistrithe. Bíonn thart ar aon trian de mhic léinn fochéime rannpháirteach sa chlár Erasmus agus i gcláir mhalartaithe idirnáisiúnta nach mbaineann leis an AE agus cuirimid fáilte chroíúil roimh mhic léinn ar cuairt agus roimh mhic léinn nach as an AE dóibh. Glacann an Roinn páirt i ndíospóireachtaí domhanda faoin tsochaí, mar shampla trína Sraith Léachtaí Poiblí TCD-UCD.