Scipeáil chuig an bpríomhábhar

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Trinity Menu Cuardaigh Tríonóide



Tá tú anseo

CLCS

Ceann Disciplíne: An Dr. Christer Gobl

Tá an Lárionad Léann Teanga agus Cumarsáide (CLCS), atá mar chuid de Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, mar ionad taighde teangeolaíochta, teangeolaíochta feidhmí, taighde foghlama an dara teanga, foghraíochta agus eolaíochta urlabhra, agus cuireann an fhoireann teagasc ar fáil ag leibhéil fochéime agus iarchéime.

Tá go leor dár gcúrsaí ar fáil do mhic léinn ar cuairt agus do mhic léinn malartaithe freisin. Bhí ról lárnach ag CLCS freisin ó thaobh forbairtí nua a phíolótú, laistigh den Choláiste agus lasmuigh den Choláiste, ar bhonn comhairleach, i dteagasc teanga, i dteicneolaíochtaí nua a fheidhmiú maidir le foghlaim teanga, i dteagasc agus tuiscint Comharthaíochta Teanga, agus i dteagaisc an Bhéarla mar an dara teanga do dhídeanaithe fásta agus do dhaltaí i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna nach labhraíonn Béarla.

An Lárionad Foghlama Teanga

Cuireann an Lárionad Foghlama Teanga saoráidí agus acmhainní teicniúla den scoth ar fáil, agus cuireann sé modúil teanga lánpháirtithe agus eischuraclaim ar fáil do mhic léinn nach bhfuil ag baint céim i dteangacha amach.

An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra

Cuireann an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra taighde agus teagasc ar fáil a nascann foghraíochtaí agus foghreolaíocht ó thaobh na teangeolaíochta de le níos mó cur chuigí innealtóireacht-bhunaithe i leith samhaltaithe urlabhra.

An tIonad taighde do Theicneolaíocht Urlabhra agus Teangeolaíochta na Gaeilge (ITUT)

Seo lárionad taighde atá dírithe ar fhorbairt na teicneolaíochta urlabhra agus teangeolaíochta don Ghaeilge. Tá an fhorbairt teicneolaíochta seo bunaithe ar dhúshraith taighde teangeolaíochta atá ar siúl sa Scoil ar struchtúr na Gaeilge, ar theagasc na Gaeilge, ar bhailiúchán agus ar phróiseáil corpais. Mar chroílár na hoibre, tá bunú acmhainní urlabhra agus teangeolaíochta don Ghaeilge. Mar aschur breise as an obair, táimid ag díriú ar fheidhmchláir a thacóidh le pobal na Gaeilge - le foghlaimeoirí agus le lucht teagaisc na Gaeilge, agus leo siúd atá faoi mhíchumas radhairc nó urlabhra.