Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Beathaisnéis an Phropaist

An Dr Patrick Prendergast, Propast,
Propaist Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.

Provost Patrick Prendergast

An 01 Lúnasa 2011 a ghlac Patrick Prendergast oifig ina 44ú Propast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

In 1983 a tháinig an Dr Prendergast, ar as an Abhallort i gCo. Loch Garman é, go Coláiste na Tríonóide ar dtús agus bhain céim amach in Innealtóireacht Mheicniúil agus ina dhiaidh sin céim PhD i mbithinnealtóireacht. I ndiaidh post iar-dhochtúireachta a ghlacadh i mBologna na hIodáile agus agus i Nijmegen na hÍsiltíre, d’fhill an Dr Prendergast ar Choláiste na Tríonóide i 1995 mar Léachtóir agus toghadh ina Ánra den Choláiste é i 1998. I dteannta comhghleacaithe in Innealtóireacht, i bhFiaclóireacht agus i bhFiseolaíocht, bhunaigh sé Ionad Bithinnealtóireachta Choláiste na Tríonóide in 2002, toghadh ina Chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann é in 2008 agus dámhadh ScD air in 2009. D’fhóin sé mar Dhéan ar Stáidéir Céimithe ó 2004-2007 agus ba é an chéad duine a ceapadh i bpost an Phríomh-Oifigigh Acadúil, leathnú ar phost an Leas-Phropast, i 2008.

I réimse na teicneolaíochta feiste leighis atá taighde déanta ag an Dr Prendergast, réimse ina bhfuil teoiricí aitheanta forbartha aige ar mheicnirialacháin féinitíopa fíochán. Tá obair thionsclaíoch shuntasach i gcomhar déanta aige maidir le dearadh agus forbairt ionphlandú. Roimh dó theacht in oifig mar Phropast, bhí sé ina Ollamh le Bithinnealtóireacht- féach a leathanach gréasáin pearsanta.


Nuashonraithe 19 1 2012 ag Ríomhphost: Propast.