Cad is Teiripe Radaíochta ann?
Tá Teiripe Radaíochta ar cheann de na príomh-mhodhanna a mbaintear leas as i gcóireáil ailse agus faigheann os cionn 60% d’othair ailse go léir í mar chuid den bhainistiú a dhéantar orthu. Tá ceadúnas gairmiúil do chleachtadh i do theiripeoir radaíochta le fáil i ndiaidh an BSc i dTeiripe Radaíochta.
Disciplín na Teiripe Radaíochta, Scoil an Leighis
Faoi Dhisciplín na Teiripe Radaíochta, Scoil an Leighis tá BSc (Onóracha) sa Teiripe Radaíochta agus MSc. múinte páirt-aimseartha ar fáil. Ardchleachtas Teiripe Radaíochta. Féadfaidh mic léinn a thugann faoin MSc in Ardchleachtas Teiripe Radaíochta an snáithe cliniciúil nó an snáithe pleanála cóireála a dhéanamh. Faoi Disciplín freisin tá oideachas MSc agus PhD taighde ar fáil, go lánaimseartha nó go páirt-aimseartha.
An Taighde s’Againne
Tá trí phríomh-shnáithe taighde sa Disciplín:
- Radaibhitheolaíocht agus Oinceolaíocht Mhóilíneach
- Cleachtas Teiripe Radaíochta
- Taighde ar Sheirbhísí Sláinte
Comhoibriú agus Naisc Idirnáisiúnta:
Tá dlúthnaisc idirnáisiúnta ag an Disciplín leis na heagraíochtaí seo a leanas:
- An Cumann Eorpach um Theiripe Radaíochta agus Oinceolaíochta (ESTRO)
- An Eagraíocht Eorpach um Ailse (ECCO)
- An Ghníomhaireacht Náisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach (IAEA)
- Ollscoil Oslo, an Iorua
- Ollscoil Lund, an tSualainn
- Scoil Leighis Mount Sinai, Nua Eabhrac, SAM
- North Shore Cancer Centre, an Astráil

