Coláiste na Tríonóide

Scipeáil chuig an bpríomhábhar.

Nascanna ceartláir

Mapa Suímh

An tAonad Cothúcháin agus Diaitéitice

Craobh eolaíochta a dhéanann staidéar ar chothaithigh is ea cothúchán. Cuimsíonn sé réimse leathan ábhar a thagann trasna ar go leor disciplíní eile lena n-áirítear bithcheimic, fiseolaíocht, micribhitheolaíocht, eolaíocht bia, diaitéitic, leigheas agus sláinte an phobail. Baineann cothúchán le sláinte ainmhithe agus le sláinte an duine. Déantar taighde ar chothúchán ag leibhéal na saotharlainne chomh maith le staidéir ar an daonra (eipidéimeolaíocht chothúcháin) agus grúpaí galair (cothúchán cliniciúil).

Tá diaitéitic ar cheann de na gairmeacha cúraim shóisialta agus sláinte. Déanann an diaitéiteach iarracht galar a chosc trí nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn agus galar a mhaolú trí chabhrú leis an duine athrú teiripeach a dhéanamh ar an aiste bia.


Nuashonraithe 21 September 2016 Web Administrator (Ríomhphost).